II Ttessalonicanaċ 3
3
Caibidil III
Beaṫa; 7 ṁíriaġaltaċ, 10 díoṁaóin, 14 agus droċ cóṁlúadar, do ṡeaċna.
1Tuilleaḋ eile, a ḋearḃráiṫre, guiḋiḋ air arsuinne, ionnus go mbíaḋ cumus réaṫa ag bréiṫir an Tíġearna, agus go ndéuntaói glórṁar é, do reir mar atá aguiḃse: 2Agus ċum sinne ṡáoraḋ ó ḋroċḋáoiniḃ gan ḟaras: oír ní ag gaċ éinneaċ atá creideaṁ.
3Giḋeaḋ atá an Tíġearna díleas, noċ ḋaingnéoċas, agus ċóiṁéudfus siḃ ó olc. 4Agus atá muiniġin aguinn sa Dtíġearna ḃur dtáoḃsa, go udéunann agus go ndéunfá siḃ na neiṫe áiṫniġmid díḃ. 5Agus go dtréoruiḋe an Tíġearna ḃur gcroiḋṫe sá tslíġe ḋíriġ ċum gráḋa Dé, agus ċum feiṫeaṁ go foiġideaċ ré Críosd.
6Agus do ḃeirmíd fógra ḋíḃ, a ḋearḃráiṫre, a nainm ar Dtíġearna Iósa Críosd, siḃ féin do ḋealuġaḋ ré gaċ dearḃráṫair ṡiuḃlus go miríaġalta, agus ni réir an teaguisg fuáir sé uáinne. 7Oír atá a ḟios aguiḃ féin cionnas as coir sinne leanṁuin: óir níor iomċramar sinn féin go míríaġalta eadruiḃse; 8Agus ní a naisgiḋ do iṫeamar atán ó aóin neaċ; aċd maille ré sáoṫar agus ré hanṡóġ ag déunaṁ oibré do ló agus doíḋċe, deagla ar dtruime do leigean ar áon neaċ aguiḃse. 9Ní hé naċ ḃfuil úġdarrás aguinn, aċd ionnus go ndéunamaóis eisiompláir ḋinn féin díḃse ċum sinne leanṁuin. 10Oír fós an tan ḃámar eadruiḃ, do áiṫneamar só ḋíḃ, eaḋon má atá aóinneaċ ris náċ áill obair do ḋéunaṁ, ná híṫeaḋ bíaḋ mar an gcéudna. 11Oír do ċluinmíd go ḃfuilid daóine áiriġe ag siúḃal eadruiḃ go míriaġalta, naċ déun obair ar bíṫ, aċd ṡáiṫeas íad féin a neiṫiḃ naċ beanann ríu. 12Do ḃeirmíd fógrá ḋá saṁuil sin agus íarrmuid orrṫa tré ar Dtíġearna Iósa Ċríosd, a narán féin díṫe ḋóiḃ, ag sáoṫruġaḋ maille ré súaiṁneas. 13Agus ná biġiḋse, a ḋearḃráiṫre, tuirseaċ do ḋéunaṁ maiṫeasa. 14Agus má atá duine ar biṫ naċ dtaḃair úṁlaċd dár mbréiṫirne sa neipisdilse, cuiriḋ cóṁarṫa air, agus seaċnuiḋ a ċoṁlúadar, ionnus go mbíaḋ aḋnáire air. 15Ṫairis sin ná bíoḋ mead náṁad aguiḃ air aċd teaguisgiḋ é mar ḋeaḃráṫair. 16Agus do dtuguiḋ Tíġearna na síoṫċána féin síoṫċáin ḋíḃ do ṡíor ar gaċ éunċor. An Tíġearna maille riḃ uile.
17Beaṫa agus sláinte ċuguiḃ re mo láíṁse Pol, noċ as cóṁarṫa ann gaċ éin eipisdil: is mar do sgríoḃuim. 18Grása ar Dtíġearna Iósa Críosd maille riḃ uile. Amén.
Currently Selected:
II Ttessalonicanaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: