YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 89

89
Salm 89.
Misericordias Domini.
1Beiḋ carṫanaċt ġráṁar an Tiarna á canaḋ de ṡíor agam: ó ġlúin go ċéile beiḋ dʼḟíréantaċt á foilsiú agam le mo ḃéal.
2Is é dúirt mé, Ardófar an trócaire go deo: cuirfiḋ tú bunḟréaṁ dʼḟírinne sna neaṁa.
3Tá conraḋ déanta agam le mʼḟear tofa: ṫug mé mo ṁionn do Ḋáiḃí mo ṡeirḃíseaċ,
4Neartóiḋ mé go deo le do ṡíol: agus coinneoiḋ mé do ċaṫaoir ríoga ina seasaṁ ó ġlúin go ċéile.
5A Ṫiarna, beiḋ na neaṁa féin ag molaḋ dʼḟeart: agus beiḋ dʼḟírinne á molaḋ ag an slua beannaiṫe.
6Óir cé sin i measc na néalta: atá le cur i gcosúlaċt leis an Tiarna?
7Agus cé sin i measc na ndéiṫe: atá inċurṫa leis an Tiarna?
8Is mór an eagla atá ag teaċt ċuig Dia i gcoṁairle an tslua ḃeannaiṫe: is mór an urraim is dual dó ón luċt a ḃíos ina ṫimpeall.
9A Ṫiarna Dia na slua, cé is cosúil leat: níl taoḃ dínn, a Ṫiarna ṁóir na gcuṁaċt, naċ mbíonn dʼḟírinne air.
10Bíonn fíoċ na farraige ag géilleaḋ duit: ciúnaíonn tú a tonnta nuair a éiríonn siad.
11Smaċtaiġ tú an Éigipt, agus scrios tú í: scaip tú do naiṁde le do ġéag ċuṁaċtaċ.
12Is leat na neaṁa, is leat fós an talaṁ: is tú a ċuir bun na cruinne, agus a ḃfuil inti.
13Rinne tusa an tuaisceart agus an deisceart: bíonn dʼAinm mar ċúis áṫais ag Tabor agus ag Hermón.
14Tá géag ċuṁaċtaċ agat: is láidir do láṁ, agus is ard do láṁ ḋeas.
15Bunaítear do ċaṫaoir ar an ḃfíréantaċt agus ar an gceart: siúlfaiḋ an trócaire agus an ḟírinne roiṁ do ġnúis.
16Is beannaiṫe iad an pobal, a Ṫiarna, lerḃ ḟéidir tú a ḃeiṫ acu mar áḃar áṫais: siúlfaiḋ siad i solas do ġnúise.
17Beiḋ dʼAinm mar ċúis lúċáire acu gaċ lá: agus beiḋ siad ag maíoṁ as dʼḟíréantaċt.
18Óir is tú clú a gcuṁaċta: agus is de do ċarṫanaċt ġráṁar a ardóiḋ tú ár n‑aḋarca.
19Óir is é an Tiarna ár gcosantóir: is é Naoṁ Iosrael ár Rí.
20Laḃair tú i dtráṫ le do naoiṁ, agus dúirt tú: Ċuir mé tarrṫáil ar an té atá cuṁaċtaċ; dʼardaiġ mé an té a toġaḋ as an bpobal.
21Ġlac mé Dáiḃí mo ṡeirḃíseaċ: dʼung mé lem ola naofa é.
22Beiḋ greim daingean ag mo láiṁ air: agus beiḋ mo ġéag ag neartú leis.
23Ní ḟéadfaiḋ an naṁaid foiréigean a ḋéanaṁ air: ná ní ḋéanfaiḋ mac na hurċóide doċar dó.
24Beiḋ a naiṁde á leagan agam os coinne a ġnúise: agus luċt a ḟuaṫa á bpláḋ agam.
25Beiḋ mʼḟírinne fós agus mo ṫrócaire leis: agus is im Ainmse a ardófar a aḋarc.
26Cuirfiḋ mé an ḟarraige faoina réim: agus na sruṫanna faoina láiṁ ḋeas.
27Is é a ṫaḃarfaiḋ sé orm, Is tú mʼaṫair: is tú mo Ḋia agus mo ṡlánú cuṁaċtaċ.
28Déanfaiḋ mé mo ċéadġin mic de: níos airde ná ríṫe an doṁain.
29Beiḋ mo ṫrócaire i dtaisce go deo faoina ċoṁair: agus beiḋ mo ċonraḋ leis buanseasṁaċ.
30Taḃarfaiḋ mé ar a ṡíol ḃeiṫ buanṁarṫanaċ: agus ar a ċaṫaoir fanaċt mar laeṫanta neiṁe.
31Aċ más rud é go dtréigeann a ċlann mo ḋlí: agus mura siúlann siad de réir mo ḃreiṫiúnas;
32Má ḃriseann siad mo reaċta, agus má ṡáraíonn siad mʼaiṫeanta: cuirfiḋ mé smaċt ar a gcoireanna leis an slat, agus pionós orṫu le sciúirsí ar son a bpeacaí.
33Ina ḋiaiḋ sin, ní ḃainfiḋ mé de ar fad mo ṫrócaire: ná ní ligfiḋ mé go dteipfeaḋ ar mʼḟírinne.
34Ní ḃrisfiḋ mé mo ċonraḋ, ná ní aṫróiḋ mé briaṫar mo ḃéil: ṫug mé mo naofaċt mar ṁionn an t‑aon uair aṁáin naċ dteipfiḋ mé ar Ḋáiḃí.
35Mairfiḋ a ṡíol go deo: beiḋ a ċaṫaoir ċoṁ buan leis an ngrian roṁam.
36Seasfaiḋ sé go deo mar an ġealaċ: mar ḟianaise na fírinne ar neaṁ.
37Aċ is aṁlaiḋ ṫug tú gráin do dʼungṫaċ agus ṫréig tú é: agus bíonn tú míṡásta leis.
38Tá do ċonraḋ le do ṡeirḃíseaċ briste agat: agus a ċoróin caite ar lár agat.
39Leag tú a ḃaḃúin uile: agus ḃris tú anuas a ḋaingin.
40Bíonn luċt siúlta an ḃealaiġ á ċreaċaḋ: agus a ainm mar ḟocal aiṫise ag a ċoṁarsana.
41Ṫug tú an láṁ uaċtair dá naiṁde: agus ċuir tú lúċáir ar a eascairde uile.
42Ṁaolaiġ tú faoḃar a ċlaíṁ: agus ní ṫugann tú an bua dó sa ċaṫ.
43Ṁúċ tú a ġlóir: agus ċuir tú a ċaṫaoir ríoga ar lár.
44Ġiorraiġ tú laeṫanta a óige: agus ċuṁdaiġ tú le náire é.
45A Ṫiarna, ca ḟad a ḃeiḋ tú do do ċeilt féin, an go deo: agus an ndóifiḋ dʼḟearg mar ṫine?
46Ó cuiṁniġ ar ġiorraċt mʼama: cad ċuige a ndearna tú na daoine uile in aisce?
47Cé né an fear dá maireann naċ ḃfeicfiḋ an bás: agus an ḃfuasclóiḋ sé a anam ó láiṁ ifrinn?
48A Ṫiarna, cá ḃfuil an ṁaiṫeas ġráṁar a ḃíoḋ agat fadó: a ṁionnaiġ tú i do ḋílse do Ḋáiḃí?
49Cuiṁniġ, a Ṫiarna, ar an aċasán a ḃíos ar do ṡeirḃísiġ: conas a iompraimse i mo ḃrollaċ aċasán an iomad daoine;
50Lena maslaíoḋ do naiṁde ṫú: lenar ċaiṫeadar díṁeas ar lorg dʼungṫaċ.
51Go moltar an Tiarna go síoraí: Áiméan agus Áiméan.

Currently Selected:

Na Sailm 89: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in