Na Sailm 83
83
Salm 83.
Deus, quis similis?
1Ná bí gan laḃairt, a Ḋia, agus ná fan i do ṫost: ná cuir cosc leat féin, a Ḋia.
2Óir siúd do naiṁ de ag monaḃar: agus luċt dʼḟuaṫa ag tó gáil a gcinn.
3Ċumadar feall in aġaiḋ do ṗobail: agus ġlacadar coṁairle in aġaiḋ luċt do rúin.
4Dúradar, Tagaigí, go dtarraingímid as na fréaṁaċa iad, ionas nár ṗobal iad feasta: agus go dté ainm Iosra el as cuiṁne.
5Óir ċuadar dʼaontoil i gceann a ċéile: agus tá siad ceangailte le ċéile id éadan;
6Pailliúin clainne Édom, agus cine Ismael: clann Moab agus muintir Hagar;
7Gebal, agus Ammon, agus Amalec: na Filistíniġ agus luċt áitiṫe Tiorra.
8Ċuaiġ Assur fós in éineaċt leo: ag cuidiú le clann Lot,
9Aċ déan leo mar rinne tú ar ṁuintir Midian: ar Sisera agus ar Iabin ag aḃainn Cison;
10A ċuaiġ ċun éaga ag Endor: agus a ḃí mar aoileaċ ar an talaṁ.
11Déan iad féin agus a dtaoisiġ mar Oreb agus mar Zéb: déan a ḃflaṫa uile mar Séba agus mar Salmana;
12An dream a deir, Glacaimis seilḃ: go mbí tiṫe Dé againn féin.
13A Ḋia liom, déan iad mar ṡí gaoiṫe: mar an conlaċ roiṁ an ngaoṫ.
14Mar an tine a loisceann an ċoill: agus mar ḟallscaoṫ ar ṡliaḃ;
15Téaḋ do ḋoineann ar a dtóir: agus cuireaḋ do ṡéideán uafás orṫu.
16Deargaiġ a n‑éadan le náire, a Ṫiarna: ionas go raiḃ siad ag iarraiḋ dʼAinm.
17Go mba ṁóide dá n‑aiféala agus dá mbuaireaṁ: cuirtear náire orṫu agus scriostar iad.
18Agus taḃarfar le fios dóiḃ gur tú, arḃ ainm duit Iáivé: gur tú aṁáin an Té is Airde os cionn an doṁain uile.
Currently Selected:
Na Sailm 83: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

: