Chum Tituis 3:4-7
Chum Tituis 3:4-7 JOYNTG
Aċt nuair do noċtaḋ maiṫeas agus gráḋ Dé ár Slánuiġṫeoir do’n duine, ní h‐é do réir gníoṁarṫa fíréanta do ḃí déanta againn, aċt do réir a ṫrócaire féin, do ṡlánuiġ sé sinn, tré ḃaisteaḋ na h‐aiṫ‐ġeineaṁna agus tré aṫnuaḋaḋ an Spioraid Naoiṁ; do ḋoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir: ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.






