Rómhánach 3
3
1Créad atá ag an lúdaċ san mbreis, mar sin? nó créad é an tairḃe atá san timċeall‐ġearraḋ? 2A lán mór ar gaċ sliġe: i gcéadóir, gur leo‐san do taoḃuiġeaḋ briaṫra Dé. 3Má tá féin go raiḃ cuid aca dí‐ċreideaṁaċ, an ḃfágfaiḋ a n‐easbaiḋ creidiṁ fírinne Dé gan éifeaċt? 4Nár leigiḋ Dia sin: go n‐aiṫniġtear Dia ḃeiṫ fírinneaċ, aċt an uile ḋuine ḃeiṫ bréagaċ; mar atá scríoḃṫa,
Ċum go ḃfoillseoċaiḋe ṫú ḃeiṫ ionnraic id’ ḃriaṫraiḃ,
Agus go mbuaḋfá nuair béarfar breiṫ ort.
5Aċt má noċtann ár n‐éagcóir fíréantaċt Dé, créad adéarfaimíd? An ḃfuil Dia éagcóraċ, ag éirġe ċum feirge ḋó? (ag laḃairt ar nós na ndaoine atáim). 6Nár leigiḋ Dia é: mar annsin cionnas ḃéarfas Dia breiṫ ar an saoġal? 7Aċt má leaṫnuiġeann fírinne Dé cum a ġlóire de ḃárr mo ḃréige‐se, cad ċuige a dtugtar breiṫ orm‐sa mar ṗeacaċ ’n‐a ḋiaiḋ sin? 8Agus cad ċuige ḋúinn gan an t‐olc do ḋéanaṁ ċum go dtiocfaḋ maiṫ as? (mar adeirtear go masluiġṫeaċ ’n‐ár dtaoḃ, daoine áiriṫe g‐á ráḋ go n‐abraimíd é). Is ceart na daoine úd do ċionntú.
9Créad é, mar sin? An ḃfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní ḟuil ar ċor ar biṫ; mar ċruṫuiġeamar ċeana go ḃfuil an uile ḋuine, lúdaiġ agus Gréagaiġ, fá ċuing an ṗeacaiḋ; 10mar tá scríoḃṫa,
Ní ḟuil aon duine fíréanta ann, ní ḟuil duine aṁáin;
11Ní ḟuil duine tuigseanaċ ann,
Ní ḟuil duine loirgeas Dia;
12Do ċlaonadar uile, d’imṫiġeadar uile ó ṁaiṫ;
Ní ḟuil duine do‐ġní maiṫ ann, ní ḟuil oiread agus duine:
13Is uaiġ oscailte a scórnaċ;
Do‐rinneadar feall le n‐a dteangṫaċaiḃ:
Atá niṁ naṫraċ fá n‐a bpusaiḃ:
14Atá a mbéal lán d’eascainiḋe agus de ṡearḃas:
15Atá a gcosa go luaṫ ċum fuil do ḋoirteaḋ;
16Atá léirscrios agus an‐ṡóġ ’na sliġṫiḃ;
17Agus níor aiṫniġeadar sliġe na síoṫċána:
18Ní ḟuil eagla Dé os cóṁair a súl.
19Anois, atá a ḟios againn, cibé niḋ adeir an dliġe, gur leis an dream atá fá’n dliġe adeir sí é; ċum go ndúntar gaċ béal agus go dtugtar an doṁan uile fá ḃreiṫeaṁnas Dé: 20óir ní fíréanóċar duine ar biṫ ’n‐a ḟiaḋnaise tré oibreaċaiḃ dliġe: óir is tré ḋliġe ṫagas eolas an ṗeacaiḋ. 21Aċt anois, atá fíréantaċt Dé do foillsiġeaḋ taoḃ amuiġ de’n dliġe, an dliġe agus na fáiḋí mar ḟiaḋnaiḋṫiḃ uirṫi: 22is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann; 23óir do rinne an uile ḋuine peacaḋ, agus atáid i n‐easbaiḋ glóire Dé; 24aċt fíréanuiġtear iad i n‐aisce tré n‐a ġrása, tríd an ḃfuasclaḋ atá le fáġáil i nÍosa Críost: 25an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé; 26ċum a ḟíréantaċt do noċtaḋ san am so atá de láṫair: ionnas go mbéaḋ sé féin fírinneaċ, agus go ḃfíréanóċaḋ sé an té ċreideas i nÍosa. 27Cia an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá ann, mar sin? Ní ḟuil sé ceaduiġṫe. Ag cia an dliġe? Ag dliġe na h‐oibreaċ, an eaḋ? Ní h‐eaḋ, aċt ag dliġe an ċreidiṁ. 28Óir measaimíd go ḃfíréanuiġtear an duine tré ċreideaṁ, gan baint le h‐oibreaċaiḃ dliġe. 29An é Dia Dia na n‐Iúdaċ aṁáin? 30naċ é Dia na gCineaḋaċ é, ċoṁ maiṫ? Is é, is é Dia na gCineaḋaċ é ċoṁ maiṫ: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia aṁáin a ḟíréanóċas luċt an timċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ, agus luċt an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ. 31Uime sin, an ag déanaṁ neaṁ‐niḋ de’n dliġe tríd an gcreideaṁ atáimíd? Nár leigiḋ Dia é: is ag daingniú an dliġe atáimíd.
Currently Selected:
Rómhánach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: