Rómhánach 16
16
1Cuirim fá ḃur gcomairce Foíbé ár siúr, baindeoċan na h‐eaglaise i gCenċréa: 2go nglacaiḋ siḃ ċugaib í san Tiġearna, mar ba dual do na naoṁaiḃ, agus go gcuidiġiḋ siḃ léi i n‐aon ġnó ’n‐a mbéiḋ ḃur gcongnaṁ de ḋiṫ uirṫi; óir go deiṁin ṫug sí féin congnaṁ d’á lán daoine, agus daṁ‐sa, leis.
3Beannuiġiḋ do Ṗrisca agus d’Acuila, cóṁ‐ṡaoṫraiḋṫe liom i nÍosa Críost, 4daoine a ċuir a muineál féin i gcontaḃairt ar son m’anma‐sa; d’á ḃfuilim ag taḃairt buiḋeaċais, agus ní mise aṁáin, 5aċt eaglaisí na gCineaḋaċ go léir: agus beannuiġiḋ do’n eaglais atá ’n‐a dtiġ. Beannuiġiḋ d’Epénatus, mo ċara ionṁain, céad‐ṫoraḋ na h‐Áise do Ċríost. 6Beannuiġiḋ do Ṁáire, do rinne saoṫar mór ar ḃur son. 7Beannuiġiḋ d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cóṁ‐ḃraiġdeáin liom, daoine go ḃfuil árd‐ċlú orṫa i measc na n‐abstal, agus do ḃí i gCríost róṁam‐sa. 8Beannuiġiḋ d’Ampliatus, mo ċara ionṁain san Tiġearna. 9Beannuiġiḋ d’Urbán, ár gcóṁ‐ṡaoṫraiḋe i gCríost, agus do Staċus, cara ionṁain liom. 10Beannuiġiḋ d’Apelles, an Ċríost‐aiḋe cruṫuiġṫe. Beannuiġiḋ do na cáirdiḃ ḃaineas le teaġlaċ Aristobúluis. Beannuiġiḋ do Héródian, mo ḋuine muinntearḋa. 11Beannuiġiḋ do na daoiniḃ ḃaineas le teaġlaċ Narcissuis atá san Tiġearna. 12Beannuiġiḋ do Ṫruféna agus do Ṫrufósa, mná ṡaoṫruiġeas san Tiġearna. Beannuiġiḋ do Ṗersis dileas, bean do rinne saoṫar mór san Tiġearna. 13Beannuiġiḋ do Rúfus, fear atá sonnruiġṫeaċ san Tiġearna, agus d’á ṁáṫair, atá ’n‐a máṫair daṁ‐sa, leis. 14Beannuiġiḋ d’Asuncritus, do Ḟlégon, do Hermés, do Ṗatróbas, do Hermas agus do na bráiṫriḃ atá ’n‐a ḃfoċair. 15Beannuiġiḋ do Ḟilólogus agus do Iúlia, do Néreus agus d’á ḋeirḃṡiair, agus d’Olumpas, agus do na naoṁaiḃ uile atá ’n‐a ḃfoċair. 16Beannuiġiḋ féin d’á ċéile le póig naoṁṫa. Beannuiġeann eaglaisí uile Ċríost daoiḃ.
17Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa. 18Óir ní do’n Tiġearna Críost atá a leiṫéidí ag déanaṁ seirḃíse, aċt d’á mbolg féin; agus tá siad ag meallaḋ croiḋeaċa na ndaoine simpliḋe le blastaċt cainnte agus le bladaireaċt. 19Óir atá tuairisc ḃur n‐uṁlaċta i mbéal an uile ḋuine. Atá bród orm ’n‐ḃur dtaoḃ, d’á ḃriġ sin: aċt is mian liom siḃ ḃeiṫ glic i dtaoḃ maiṫeasa, agus ḃeiṫ neaṁ‐urċóideaċ i dtaoḃ an uilc. 20Agus is gearr go mbrúġfaiḋ Dia na síoṫċána Sátan fá ḃur gcosaiḃ.
Go raiḃ grása ár dTiġearna Iosa Críost liḃ!
21Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ. 22Mise, Tertius, do scríoḃ an litir seo, beannuiġim‐se ḋaoiḃ. 23Beannuiġeann Gáius, ṫug aoiġeaċt daṁ‐sa agus do’n eaglais uile, beannuiġeann seisean daoiḃ. Beannuiġeann Erastus, cisteoir na caṫraċ, agus Cuartus, ár mbráṫair, daoiḃ.
25Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ, 26aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ; 27do Ḋia, an t‐aon eagnaiḋe aṁáin, dó‐san go raiḃ an ġlóir, tré Íosa Críost, go saoġal na saoġal. Amén.
Currently Selected:
Rómhánach 16: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: