Rómhánach 10
10
1A ḃráiṫre, is é roġa mo ċroiḋe, agus is é mo ġuiḋe ċum Dé ar a son‐san go slánóċar iad. 2Óir do‐ḃeirim m’ḟiaḋnaise ’n‐a dtaoḃ go ḃfuil díoġrais ċum Dé aca, aċt naċ do réir eolais í. 3Óir, ar mbeiṫ gan eolas ar ḟíréantaċt Dé ḋóiḃ, agus iad d’iarraiḋ a ḃfíréantaċt féin do ḃunaḋ, níor uṁluiġeadar d’ḟíréantaċt Dé. 4Óir is é Críost foirċeann na dliġe ċum an uile ḋuine ċreideas d’ḟíréanú. 5Mar scríoḃann Maois ar an ḃfíréantaċt ṫig ó’n dliġe, An té ċleaċtas na neiṫe sin, go mairfiḋ sé d’á mbárr. 6Aċt is mar so laḃras an ḟíréantaċt ṫig ó ċreideaṁ, Ná h‐abair id’ ċroiḋe, Cia raċfas suas ar neaṁ? (is ionann sin agus Críost do ṫaḃairt anuas); 7nó, cia raċfas síos san aiḃéis? (is ionann sin agus Críost do ṫaḃairt aníos ó na marḃaiḃ). 8Aċt créad adeir sí? Atá an briaṫar i ngar duit, id’ ḃéal agus id’ ċroiḋe: 9is é sin briaṫar an ċreidiṁ ḟógraimíd‐ne: má adṁuiġeann tú led’ ḃéal gur Tiġearna Íosa, agus má ċreideann tú id’ ċroiḋe gur ṫóg Dia ó na marḃaiḃ é, go slánóċar ṫú: 10óir is leis an gcroiḋe ċreideas an duine ċum fíréantaċta; agus is leis an mbéal do‐ġní sé adṁáil ċum slánuiġṫe. 11Óir adeir an scrioptúir, Cibé ċreideas ann, ní náireoċar é. 12Óir ní ḟuil deifir ar biṫ idir an Iúdaċ agus an Gréagaċ: mar is ionann Tiġearna do’n uile ḋuine, agus atá saiḋḃreas aige do gaċ duine ġlaoḋas air: 13óir cibé duine ġlaoḋas ar ainm an Tiġearna, slánóċar é. 14Aċt cionnas ġlaoḋfas siad ar an té nár ċreideadar ann? agus cionnas ċreidfeas siad san té nár airiġeadar? agus cionnas aireoċas siad gan seanmóiriḋe? 15agus cionnas ḋéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad ċuige? mar atá scríoḃṫa, Naċ áluinn iad cosa na ndaoine do‐ḃeir deaġ‐scéala áṫais!
16Aċt níor éist an uile ḋuine leis na deaġ‐scéalaiḃ. Mar adeir Ésáias, A Ṫiġearna, cia ċreid ár dtuairisc? 17Uime sin, is tré éisteaċt ṫig creideaṁ, agus is tré ḃriaṫar Ċriost ṫig éisteaċt. 18Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte,
Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile,
Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.
19Aċt fiarfuiġim, Nár ṫuig Israel? Ar dtús is é adeir Maois,
Cuirfead éad oraiḃ ċum náisiúin naċ ḃfuil ’n‐a náisiún,
Cuirfead fearg oraiḃ le náisiún gan ċéill.
20Agus éiriġeann Ésáias an‐dána, g‐á ráḋ,
Daoine nár loirg mé, fuaradar‐san mé;
Do’n dream naċ raiḃ gam’ lorg, d’ḟoillsiġeas mé féin.
21Aċt is dtaoḃ Israel is é adeir sé,
Do ṡíneas mo láṁa amaċ ar feaḋ an lae uile,
Ċum pobail easuṁla ċonspóidiġ.
Currently Selected:
Rómhánach 10: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: