Gníomhartha 28
28
1Agus nuair do ḃíomar slán, sáḃáilte, do ḃí a ḟios againn gur Melité do b’ainm do’n oileán. 2Agus do ḃí an luċt áitreaḃṫa an‐ċineálta linn: óir d’ḟaduiġeadar teine, agus do ġlacadar ċuca sinn uile, mar ġeall ar an mbáistiġ do ḃí ann, agus mar ġeall ar an ḃfuaċt. 3Aċt nuair do ḃailiġ Pól roinnt brosna, agus ċuir sé ar an teiniḋ iad, ṫáinig naṫair niṁe amaċ, ag teiṫeaḋ ó’n teas, agus fuair sí greim ar láiṁ air. 4Agus nuair ċonnaic an luċt áitreaḃṫa an ṗiast ar liobarnaiġ ar a láiṁ, aduḃradar le ċéile, Gan aṁras, is dúnṁarḃṫóir an duine seo, agus, bíoḋ go dtáinig sé slán ó’n ḃfairrge, ní leigeann díoġaltas Dé ḋó ḃeiṫ beo. 5Aċt do ċroṫ seisean an ṗiast de isteaċ san teiniḋ, gan anaċain ar biṫ d’ḟáġáil. 6Aċt do ṁeasadar go n‐atfaḋ sé, nó go dtuitfeaḋ sé marḃ ar an láṫair: aċt tar a éis ḋóiḃ ḃeiṫ i ḃfad ag feiṫeaṁ, agus naċ ḃfacadar doċar ar biṫ ag teaċt dó, ṫáinig aṫrú intinne orṫa, agus aduḃradar gur ḋia é.
7Is aṁlaiḋ do ḃí talta i n‐aice na h‐áite sin agus ba le fear cinn an oileáin iad, agus Publius ab’ ainm dó. Do ġlac seisean ċuige sinn, agus ar feaḋ trí lá do ċuir sé cóir ṁaiṫ go fial orainn. 8Agus ṫarla go raiḃ aṫair Ṗubliuis tinn ’n‐a luiġe le fiaḃras agus le flosc: agus do ċuaiḋ Pól isteaċ ċuige, agus do ġuiḋ sé ar a ṡon, agus do ċuir sé a láṁa air, agus do leiġeas sé é. 9Agus nuair do‐rinneaḋ sin ṫáinig a raiḃ de ḋaoiniḃ tinne ar an oileán, agus do leiġeasaḋ iad: 10agus ṫugadar onóir ṁór dúinn; agus nuair do ḃíomar ag dul ar luing, do ċuireadar ar bórd gaċ ar ṫeastuiġ uainn.
11Agus tar éis trí mí do ṡeolamar i luing as Alecsandria, do ḃí tar éis an ġeiṁriḋ do caiṫeaṁ san oileán, agus na Díoscúrí do ḃí mar ṡuaiṫeantas uirṫi. 12Agus ag teaċt go Suracúsa ḋúinn, do stadamar annsin trí lá. 13As sin do ṫriallamar ṫart ṫimċeall go dtángamar go Régium: agus lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡéid an ġaoṫ andeas, agus ṫángamar ar n‐a ḃáraċ go Puteolí. 14Fuaramar bráiṫreaċa annsin, agus d’iarradar orainn fanaṁain aca seaċtṁain: agus annsin ṫángamar go dtí an Róiṁ. 15Agus nuair fuaradar na bráiṫreaċa tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, ṫángadar as sin ag fáiltiú róṁainn ċóṁ fada le Margaḋ Appiuis, agus Na Trí Táḃairní: agus nuair ċonnaic Pól iad ṫug sé buiḋeaċas do Ḋia, agus do ġlac sé meisneaċ.
16Agus ar ṡroiċint na Róiṁe ḋúinn, tugaḋ cead do Ṗól fanaṁain leis féin i n‐éinḟeaċt leis an saiġdiúir do ḃí mar ġárda air.
17Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ, 18agus, nuair do ċeistiġeadar‐san mé ḃí a ḟonn orṫa mo scaoileaḋ saor, toisc naċ raiḃ aon ċúis báis le fáġáil orm. 19Aċt nuair do ċuir na h‐Iúdaiġ ’n‐a ċoinniḃ sin, do b’éigean dom dul fá ċoimirce Ċéasair; ní h‐é go raiḃ éinniḋ agam le cur i leiṫ mo ċiniḋ féin. 20Ar an aḋḃar sin ṫugas cuireaḋ ḋaoiḃ go ḃfeicfeaḋ siḃ mé agus go laḃarfainn‐se liḃ: óir is ar son dóċais Israel atáim ceangailte leis an slaḃraḋ so. 21Agus aduḃradar‐san leis, Ní ḟuaraimir‐ne litreaċa ó Iúdaea id’ ṫaoḃ, ná ní ṫáinig duine de na bráiṫriḃ annso le tuairisc nó scéalaiḃ id’ ċoinniḃ. 22Aċt ba ṁian linn fios scéil d’ḟáġáil uait i dtaoḃ a gcreideann tú: óir, i dtaoḃ na h‐aicme seo, is eol dúinn go ḃfuiltear ag cainnt ’n‐a coinniḃ ins gaċ áit.
23Agus nuair do ṡocruiġeadar leis ar lá, ṫáinig a lán aca ’n‐a lóistín ċuige; agus do ṁíniġ sé ríoġaċt Dé ḋóiḃ, ag taḃairt fiaḋnaise air, ag iarraiḋ a mbaineann le h‐Íosa do ċruṫú ḋóiḃ as reaċt Maoise agus as na fáiḋiḃ, ó ṁaidin go tráṫnóna. 24Agus do ḃí cuid aca do ċreid an méid aduḃraḋ, agus ḃí cuid nár ċreid. 25Agus nuair nár ḟéadadar teaċt ar aon intinn eadorṫa féin, d’imṫiġeadar, tar a éis do Ṗól focal aṁáin a ráḋ leo, Is maiṫ aduḃairt an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Ésáias fáiḋ, 26g‐á ráḋ,
Téiġ ċum an ṗobail seo, agus abair,
Cluinfiḋ siḃ ag cluinsin, agus ní ṫuigfiḋ siḃ ar aon ċor;
Agus do‐ċífiḋ siḃ ag féaċam, agus ní ṫiuḃraiḋ siḃ fá deara:
27Óir d’éiriġ croiḋe an ṗobail seo cruaiḋ,
Agus atá boḋaire ar a gcluasaiḃ
Agus atá a súile dúnta;
Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ,
Agus go gcluinfidís le n‐a geluasaiḃ,
Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe,
Agus go n‐iompóċaidís,
Agus go leiġeasfainn iad.
28D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.
30Agus ar feaḋ ḋá ḃliaḋan iomlán d’ḟan sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ’n‐a ṫiġ féin. Agus do ġlac sé ċuige gaċ duine do ṫagaḋ isteaċ ċuige, 31ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag múineaḋ le dánaċt na neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.
Currently Selected:
Gníomhartha 28: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: