Gníomhartha 25
25
1Nuair ṫáinig Féstus isteaċ san ṗroiḃinnse, tar éis trí lá ċuaiḋ sé suas ó Ċéasaria go h‐Iarúsalem. 2Agus ṫug uaċtaráin na sagart agus uaisle na nIúdaċ scéala i gcoinniḃ Ṗóil dó; agus d’impiḋeadar air, 3ag iarraiḋ fáḃair ’n‐a aġaiḋ, go n‐órdóċaḋ sé a ṫaḃairt go h‐Iarúsalem; ag faire faille le n‐a ṁarḃaḋ ar an sliġe. 4D’ḟreagair Féstus, áṁ, go raiḃ Pól fá ċoiṁéad i gCéasaria, agus go raiḃ faoi dul ann go luaṫ. 5Uime sin, aduḃairt sé, na daoine go ḃfuil sé ar a gcumas, téiġidís síos i n‐éinḟeaċt liom, agus má tá cionnta ar biṫ san ḃfear, cuiridís ’n‐a leiṫ í.
6Agus tar a éis dó oċt nó deiċ lá d’ḟanaṁain ’n‐a measc, do ċuaiḋ sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋ sé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġ sé Pól do ṫaḃairt isteaċ. 7Agus nuair ṫáinig seisean, na h‐Iúdaiġ ṫáinig ó Iarúsalem, do ṡeasadar ’n‐a ṫimċeall, ag cur a lán neiṫe trom ’n‐a leiṫ, nár ḟéadadar a gcroṫú; 8agus aduḃairt Pól, d’á ċosaint féin orṫa, Cionnta ar biṫ i n‐aġaiḋ dliġe na nIúdaċ, ná i n‐aġaiḋ an teampaill, ná i n‐aġaiḋ Ċéasair, ní ḋearnas‐sa. 9Aċt d’ḟreagair Féstus, agus fonn air na h‐Iúdaiġ do ċur fá ċomaoin aige, g‐á ráḋ le Pól, An maiṫ leat dul suas go h‐Iarúsalem, agus breiṫeaṁnas d’ḟáġail annsin ar na ceisteannaiḃ seo róṁam? 10Aċt d’ḟreagair Pól, Atáim im’ ṡeasaṁ os ċóṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċéasair, an áit ’n‐ar ċeart breiṫ do ṫaḃairt orm: ní ḟuil éagcóir ar biṫ déanta agam i n‐aġaiḋ na nIúdaċ, mar is eol duit féin go h‐an‐ṁaiṫ. 11Má tá cionnta déanta agam, agus má ta éinniḋ ṫuilleas bás déanta agam, ní ḟuilim ag diúltaḋ do’n ḃás: aċt muna ḃfuil an ḟírinne i n‐éinniḋ de’n méid atá aca d’á ċur im’ leiṫ, ní ḟuil ar ċumas d’aon duine mo ṫaḃairt suas dóiḃ. Téiġim ar ċoimirce Ċéasair. 12Annsin d’ḟreagair Féstus, tar éis toil na h‐árdċóṁairle do ġlacaḋ, Do ċuiris do ċoimirce ar Ċéasar: ċum Ċéasair raċas tú.
13Roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig an rí Agrippa agus Bernicé go Céasaria, le fáilte do ċur roiṁ Ḟéstus. 14Agus mar d’ḟanadar annsin mórán laeṫe, d’innis Féstus cúis Ṗóil do’n rí, g‐á ráḋ, Atá fear annso d’ḟág Féilics ’n‐a ṗríosúnaċ: 15agus, nuair do ḃíos‐sa i nIarúsalem, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí na nIúdaċ ċugam le fios scéil ’n‐a ṫaoḃ, ag iarraiḋ orm a ḋaoraḋ. 16D’ḟreagras dóiḃ, naċ é nós na Rómánaċ duine ar biṫ do ṫaḃairt ċum breiṫeaṁnais gan an duine a cionntuiġṫear agus luċt a ċionntuiġṫe ḃeiṫ ar aon í áṫair le ċéile, agus caoi do ṫaḃairt dó le n‐a ċosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leiṫ. 17Uime sin, ar ḃeiṫ ḋóiḃ i gceann a ċéile annso, ní ḋearnas aon ṁoill, aċt an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋeas i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġeas an fear do ṫaḃairt i láṫair. 18Nuair d’éiriġ na cionntuiġṫeoirí ’n‐a seasaṁ, níor ċuireadar rud ar biṫ ’n‐a leiṫ de’n tsaġas a raḃas ag braiṫ leis: 19aċt do ḃí ceisteanna áiriṫe ḃaineas le ’n‐a gcreideaṁ féin aca ’n‐a aġaiḋ, agus i dtaoḃ Íosa éigin, fuair bás, go nduḃairt Pól go raiḃ sé beo. 20Agus de ḃriġ nár ḟéadas‐sa meaḃair do ḋéanaṁ de na ceisteannaiḃ sin, d’ḟiafruiġeas arḃ áil leis dul go h‐Iarúsalem, ċum go dtiuḃarṫaí breiṫ ar na neiṫiḃ sin annsin. 21Aċt nuair d’iarr Pól go gcuirfiḋe a ċúis fá ḃreiṫ an impire, d’órduiġeas a ċoiṁéad nó go gcuirfinn ċum Ċéasair é. 22Annsin aduḃairt Agrippa le Féstus, Ba ṁaiṫ liom féin an fear do ċlos. Cloisfir amáraċ é, aduḃairt seisean.
23Uime sin, lá ar n‐a ḃáraċ, ṫáinig Agrippa agus Bernicé le poimp ṁóir, agus nuair ċuadar isteaċ i dtiġ na cúirte, i n‐éinḟeaċt leis na h‐árdċaiptíniḃ agus le maiṫiḃ na caṫraċ, ṫug Féstus órdú, agus tugaḋ Pól ’n‐a láṫair. 24Agus aduḃairt Féstus, A rí Agrippa, agus a ḃfuil de ḋaoiniḃ láiṫreaċ annso, do‐ċí siḃ an fear so go dtáinig na h‐Iúdaiġ uile ċugam ’n‐a ṫaoḃ i nIarúsalem agus san áit seo, g‐á ġlaoḋaċ os árd nár ċeart a ḃeiṫ beo níos faide. 25Aċt ní ḟuaras coir ar biṫ ann do ṫuill bás; agus ó ċuir sé é féin fá ċoimirce an impire, do ṡocruiġeas ar a ċur ċuige. 26Ní ḟuil aon niḋ cruinn agam, áṁ, le scríoḃaḋ ċum mo ṫiġearna ’n‐a ṫaoḃ. Ar an aḋḃar sin ṫugas annso ċugaiḃ‐se é, agus ċugat‐sa, go h‐áiriṫe, a rí Agrippa, le súil go mbéiḋ rud éigin agam le scríoḃaḋ nuair ċeisteoċas tú é. 27Óir do‐ċítear dom gur obair ṁí‐réasúnta príosúnaċ do ċur uaim gan na cionntaí atá curṫa ’n‐a leiṫ d’innsin.
Currently Selected:
Gníomhartha 25: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: