YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 18

18
1I n‐a ḋiaiḋ sin d’imṫiġ sé ó Ċaṫair na h‐Aiṫne, agus ṫáinig sé go Coirinnt. 2Agus fuair sé Iúdaċ áiriṫe annsin darḃ ainm Aculas, fear rugaḋ i bPontus, ṫáinig tamall roiṁe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a ḃainċéile Priscilla, de ḃriġ gur órduiġ Claudius do na h‐Iúdaċaiḃ go léir imṫeaċt ó’n Róiṁ: 3agus ṫáinig sé ċuca‐san; agus, toisc é ḃeiṫ ar aon ċeárd leo, d’ḟan sé aca, agus d’oibriġ sé ’n‐a ḃfoċair, óir ba ḋéantóirí pailliún iad de réir ceirde. 4Agus gaċ sabóid do ḃí ann ḃíoḋ sé ag pléiḋe san tsionagóig, ag iarraiḋ Gréagaiġ agus Iúdaiġ do ṫaḃairt leis.
5Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost. 6Agus nuair do ċuireadar ’n‐a ċoinniḃ, ag cainnt go masluiġṫeaċ, do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ, agus aduḃairt sé leo, Ar ḃúr gceann féin go raiḃ ḃúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amaċ raċfad ċum na gCineaḋaċ. 7Agus d’imṫiġ sé ó’n áit sin, agus do‐ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ duine darḃ ainm Titus Iustus, duine do ḃí uṁal do Ḋia, go raiḃ a ṫeaċ láiṁ leis an tsionagóig. 8Agus do ċreid Crispus, uaċtarán na sionagóige, san Tiġearna, é féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir; agus do ċreid mórán de na Coirinnteaċaiḃ do ḃí ag éisteaċt leis, agus do baisteaḋ iad. 9Agus aduḃairt an Tiġearna le Pól i n‐aisling na h‐oiḋċe, Ná bíoḋ eagla ort, aċt laḃair gan do ḃéal do ċosc: 10óir atáim‐se leat, agus ní ṫiocfaiḋ aoinneaċ dod’ ionnsaiġe le doċar do ḋéanaṁ ḋuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcaṫair seo. 11Agus d’ḟan sé annsin bliaḋain agus sé mí, ag teagasc briaṫair Dé ’n‐a measc.
12Aċt an tráṫ ’n‐a raiḃ Gallió ’n‐a ṗróconsúl i nAċáia, d’éiriġ na h‐Iúdaiġ de ṫoil a ċéile i gcoinniḃ Ṗóil, agus ṫugadar os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais é, 13g‐á ráḋ, Atá an fear so g‐á ṫafann orainn Dia d’aḋraḋ i n‐aġaiḋ an reaċta. 14Aċt nuair do ḃí Pól ag tosnú ar laḃairt, aduḃairt Gallió leis na h‐Iúdaċaiḃ, Dá mba ceist éagcóra nó cuirpṫeaċta é, a Iúdaċa, ba ċeart go dtiuḃrainn éisteaċt daoiḃ: 15aċt má’s ceisteanna i dtaoḃ focal agus anmann, agus i dtaoḃ ḃúr ndliġe féin é, féaċaiḋ féin ċuige; ní h‐áil liom‐sa ḃeiṫ im’ ḃreiṫeaṁ ar a leiṫéidiḃ sin. 16Agus do ċuir sé as caṫaoir an ḃreiṫeaṁnais amaċ iad. 17Agus rugadar uile ar Ṡostenés, uaċtarán na sionagóige, agus do ḃuaileadar é os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais. Agus níor ċuir Gallió suim dá laiġead ins na neiṫiḃ sin.
18Agus tar a éis do Ṗól tamall maiṫ eile do ċaiṫeaṁ annsin, d’ḟág sé slán ag na bráiṫreaċaiḃ, agus do ċuaiḋ sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinḟeaċt leis; tar éis a ċinn do ḃearaḋ i gCenċréa: óir do ḃí ceangal móide air. 19Agus ṫáinig siad go h‐Eiféis, agus d’ḟág sé annsin iad: aċt do ċuaiḋ sé féin isteaċ san tsionagóig, agus do ḃí sé ag diospóireaċt leis na h‐Iúdaċaiḃ. 20Agus nuair d’iarradar air fanaṁain ní b’ḟuide, níor ṫoiliġ sé ċuige; 21aċt d’ḟág sé slán aca, g‐á ráḋ, Fillfead cugaiḃ arís, má’s toil le Dia é, agus d’imṫiġ sé ar luing ó Eiféis. 22Agus ar ndul i dtír ḋó i gCéasaria, do ċuaiḋ sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin ċuaiḋ sé síos go h‐Antuaiġ. 23Agus tar a eis do tamall do ċaiṫeaṁ annsin, d’imṫiġ sé, agus do ġluais sé ar fud réigiúin Ġalátia agus Frigia i ndiaiḋ a ċéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.
24Agus ṫáinig go h‐Eiféis Iúdaċ aṁáin darḃ ainm Apollós, Alecsandríneaċ, fear an‐léiġeanta, agus eolas mór ar na scrioptúiriḃ aige. 25Do ḃí an fear so oilte i sliġe an Tiġearna; agus ó ḃí díoġrais croiḋe aige, do laḃair agus do ṁúin sé go cruinn i dtaoḃ Íosa, gan ar eolas aige aċt baisteaḋ Eoin: 26agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt go dána san tsionagóig. Aċt nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, ṫugadar leo é, agus do ṁíniġeadar sliġe an Tiġearna ní ba ċruinne ḋó. 27Agus nuair do ċeap sé imṫeaċt go h‐Aċáia, ṫug na bráiṫreaċa meisneaċ ḋó, agus do scríoḃadar ċum na ndeisceabal g‐á iarraiḋ orṫa a ġlacaḋ: agus nuair ṫáinig sé, ṫug sé congnaṁ mór dóiḃ‐sean do ċreid tré ġrása: 28óir do ṡáruiġ sé go bríoġṁar ar na h‐Iúdaċaiḃ go poibliḋe san diospóireaċt, g‐a ċroṫú ḋóiḃ gurḃ é Íosa an Críost.

Currently Selected:

Gníomhartha 18: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in