Gníomhartha 15
15
1Agus ṫáinig daoine áiriṫe anuas ó Iúdaea, agus do ḃíodar ag teagasc na mbráiṫreaċ, g‐á ráḋ, Muna dtimċeall‐ġearrṫar siḃ de réir reaċta Ṁaoise, ní féidir ḃúr slánú. 2Agus tar éis aiġnis agus conspóide nár ḃeag do ḃí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruiġeaḋ go raċaḋ Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem ċum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo. 3D’imṫiġeadar, mar sin, agus luċt na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ġaḃadar tré Ḟoinicia agus tré Ṡamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuiġeaḋ na Cineaḋaċa: agus do ċuireadar áṫas mór ar na bráiṫreaċaiḃ go léir. 4Agus ar ṡroiċeaḋ Iarúsalem dóiḃ, d’ḟáiltiġ an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gaċ a ndearna Dia tríoṫa. 5Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe d’aicme na ḃFairisíneaċ go raiḃ an creideaṁ aca, g‐á ráḋ, Ní foláir iad do ṫimċeall‐ġearraḋ, agus a ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa reaċt Ṁaoise do ċoiṁéad.
6Annsin ṫáinig na h‐abstail agus na seanóirí i gceann a ċéile leis an scéal do ḃreaṫnú. 7Agus tar éis diospóireaċta fada, d’éiriġ Peadar ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leo,
A ḃráiṫreaċa, is eol daoiḃ go ndearna Dia toġaḋ eadraiḃ, tamall maiṫ ó ṡoin, gur as mo ḃéal‐sa do‐ċluinfeaḋ na Cineaḋaċa briaṫar an tsois céil agus go gcreidfidís. 8Agus Dia ṫuigeas a ḃfuil san gcroiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ḃfáḃar, ag bronnaḋ an Spioraid Naoiṁ orṫa, fá mar ḃronn sé orainne; 9agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ. 10Cad ċuige ḋaoiḃ anois, d’á ḃriġ sin, caṫú do ċur ar Ḋia, ag cur cuinge ar ṁuineálaiḃ na ndeisceabal, nár ḟéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomċar? 11Aċt creidimíd go slánóċar sinne tré ġrás an Tiġearna Íosa, fá mar slánuiġeaḋ iad‐san.
12Agus d’ḟan an ċuideaċta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaoḃ na míorḃal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríoṫa féin i measc na gCineaḋaċ. 13Agus nuair ḃíodar ’n‐a dtost, d’ḟreagair Séamas, g‐á ráḋ, A ḃráiṫreaċa, éistiḋ liom‐sa: 14D’innis Símeon cionnas mar d’ḟéaċ Dia ar dtús ar an Cineaḋaċaiḃ ċum pobal do ṫoġaḋ asta d’á ainm féin. 15Agus aontuiġeann briaṫra na ḃfáiḋ leis sin; mar atá scríoḃṫa,
16Fillfead ’n‐a ḋiaiḋ sin,
Agus tógfad arís tabernacal Dáiḃí atá ar lár:
Agus tógfad arís a ḟoṫraiġ,
Agus cuirfead ar a ḃonnaiḃ é:
17Ċum go loirgfiḋ an ċuid eile de na daoiniḃ an Tiġearna,
Agus na Cineaḋaċa, ar a nglaoḋtar m’ainm,
18Adeir an Tiġearna, atá ag cur na neiṫe sin i dtuigsin ó ṫosaċ an tsaoġail.
19D’á ḃriġ sin, is é mo ḃreiṫeaṁnas‐sa, gan buaḋirt do ċur orṫa‐san iompuiġeas ċum Dé i measc na gCineaḋaċ; 20aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin do ṡeaċaint ar ṫruailleaḋ na n‐íoḋal, agus ar striapaċas, agus ar ḟeoil do taċtaḋ, agus ar ḟuil. 21Óir ó’n aimsir i ḃfad i gcéin, atá ag Maois ins gaċ caṫair a ṡeanmóiriḋṫe féin, agus é d’á léiġeaḋ gaċ sabóid ins na sionagógaiḃ.
22Annsin do ṡocruiġ na h‐abstail agus na seanóirí ar ḋaoine do ṫoġaḋ as a gcuideaċtain féin, agus a seolaḋ go h‐Antuaiġ i n‐éinḟeaċt le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugaḋ Barsabbas, agus Sílas, fir tosaiġ i measc na mbráiṫreaċ: 23agus do ċuireadar scríḃinn tré n‐a láṁaiḃ, Ó na h‐abstalaiḃ agus ó na bráiṫreaċaiḃ is sine ċum na mbráiṫreaċ de ṡlioċt na gCineaḋaċ i nAntuaiġ, agus i Siria, agus i gCilicia, beaṫa agus sláinte: 24De ḃriġ gur clos dúinn go ndearna daoine áiriṫe do ċuaiḋ amaċ uainn buaḋirt daoiḃ le cainnt, ag cur mío‐ṡuaiṁnis aigne oraiḃ; gan aon órdú d’ḟáġáil uainne: 25do ṡocruiġeamar d’aon toil ar ḟearaiḃ do ṫoġaḋ, agus ar iad do ċur ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt le n‐ár gcáirdiḃ ionṁaine, Barnabas agus Pól, 26fir do ċuir a n‐anmanna i gcontaḃairt ar son ainme an Tiġearna Íosa Críost. 27D’á ḃriġ sin do ċuireamar Iúdás agus Sílas, agus inneosaiḋ siad féin le briaṫraiḃ béil na neiṫe céadna. 28Óir is toil leis an Spiorad Naoṁ, agus linne, gan ualaċ níos truime ’ná an méid seo do ċur oraiḃ; 29siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.
30Annsin nuair do cuireaḋ ċum siuḃail iad, do ċuadar síos go h‐Antuaiġ; agus do ċruinniġeadar an pobal le ċéile, agus ṫugadar uaṫa an scríḃinn. 31Agus nuair do léiġeaḋ í, ḃí an‐áṫas orṫa de ḃárr an tsóláis. 32Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáiḋe iad féin, do spreagadar na bráiṫreaċa le mórán cainnte, agus do neartuiġeadar iad. 33Agus tar a éis dóiḃ tamall do ċaiṫeaṁ annsin, do cuireaḋ iad le síoṫċáin ó na bráiṫreaċaiḃ ċuca‐san do ċuir uaṫa iad. 35Aċt d’ḟan Pól agus Barnabas i nAntuaiġ, ag teagasc agus ag craoḃscaoileaḋ briaṫair an Tiġearna, agus mórán eile ag cuidiú leo.
36Agus tar éis tamaill aduḃairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do ṫaḃairt ċum na mbráiṫreaċ atá ins gaċ caṫair ’n‐ar ċraoḃscaoileamar briaṫar an Tiġearna, d’ḟéaċain cionnas atá ag éirġe leo. 37Agus ba ṁian le Barnabas Eoin ar a dtugaḋ Marcus, do ṫaḃairt leo, leis. 38Aċt níor ṁaiṫ le Pól an té do ṫréig iad i bPamfilia, gan dul san obair leo, do ṫaḃairt leo. 39Uime sin d’éiriġ easaontas géar eadorṫa, i dtreo gur scaradar le ċéile, agus ṫug Barnabas Marcus leis, agus ċuaiḋ sé ar luing go Cuprus; 40aċt do ṫoġ Pól Sílas, agus d’imṫiġ sé, tar a éis do na bráiṫreaċaiḃ a ċur fá ċoimirce grása an Tiġearna. 41Agus do ċuaiḋ sé tré Ṡiria agus tré Ċilicia, ag neartú na n‐eaglais.
Currently Selected:
Gníomhartha 15: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: