Gníomhartha 11
11
1Agus do‐ċuala na h‐abstail agus na bráiṫre do ḃí i nIúdaea go ḃfuair na Cineaḋaiġ féin briaṫar Dé. 2Agus nuair ċuaiḋ Peadar suas go h‐Iarúsalem, do‐rinne luċt an timċeall‐ġearrṫa gearán leis, g‐á ráḋ, 3Do‐ċuaḋais‐se isteaċ i measc daoine gan timċeall‐ġearraḋ orṫa, agus do ċaiṫis biaḋ ’n‐a ḃfoċair. 4Aċt do ṫosnuiġ Peadar ar an scéal do ṁíniú ḋóiḃ tríd síos, g‐á ráḋ, 5Is aṁlaiḋ do ḃí mé i gcaṫair Ioppé ag guiḋe: agus i néall dom do ċonnacas aisling, soiṫeaċ mar ḃéaḋ seol mór g‐á leigin ó’n spéir anuas le n‐a ċeiṫre cúinniḃ; agus ṫáinig sé im’ aice: 6agus ag caiṫeaḋ mo ṡúl go géar air, do ḃreaṫnuiġeas, agus do ċonnacas beiṫiḋiġ ceaṫar‐ċosaċa na talṁan, agus ainṁiḋṫe allta agus piastaí agus éanlaiṫe an aeir. 7Agus do‐ċualas an guṫ g‐á ráḋ liom, Éiriġ, a Ṗ adair; marḃ agus iṫ. 8Aċt aduḃras‐sa, Ní ḋéanfad, a Ṫiġearna: óir ní ḋeaċaiḋ éinniḋ coitċeann ná neaṁ‐ġlan isteaċ im’ ḃéal‐sa riaṁ. 9Aċt d’ḟreagair an guṫ an dara h‐uair ó’n spéir, An niḋ atá glanta ag Dia, ná déan‐sa neaṁ‐ġlan é. 10Do‐rinneaḋ sin trí h‐uaire as a ċéile: agus do tógaḋ gaċ uile niḋ suas san spéir arís. 11Agus féaċ, ar an láṫair do ḃí triúr fear ’n‐a seasaṁ os cóṁair an tiġe ’n‐a raḃamar, do cuireaḋ ċugam ó Ċéasaria. 12Agus aduḃairt an Spiorad liom dul i n‐éinḟeaċt leo gan aon ċeist ḃeiṫ orm. Agus ṫáinig an seisear bráṫar so ’n‐ár gcuideaċtain; agus do ċuaḋamar isteaċ i dtiġ an ḟir: 13agus d’innis sé ḋúinn cionnas do ċonnaic sé an t‐aingeal ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a ṫiġ, agus go nduḃairt sé, Cuir fios go h‐Ioppé agus taḃair liḃ Síomón ar a dtugtar Peadar; 14laḃarfaiḋ seisean briaṫra leat ṡlánóċas ṫú féin, agus muinntear do ṫeaġlaiġ go léir. 15Agus ní túisce do ṫosnuiġeas ar laḃairt ’ná ṫuirling an Spiorad Naoṁ orṫa‐san, fá mar ṫuirling sé orainne ar dtús. 16Agus ba ċuiṁin líom briaṫar an Tiġearna, mar duḃairt sé, Do ḃaist Eoin le h‐uisce, aċt baistfear siḃ‐se leis an Spiorad Naoṁ. 17D’á ḃriġ sin, má ṫug Dia ḋóiḃ‐sean an bronntanas céadna tugaḋ ḋúinne, nuair do ċreideamar san Tiġearna Íosa Críost, cia’rḃ é mise go ḃféadfainn cosc do ċur le Dia? 18Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.
19Na daoine do scaipeaḋ mar ġeall ar an ngéirleanṁain d’éiriġ i dtaoḃ Stiofáin, do ċuadar ċóṁ fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaiġ, gan an briaṫar do laḃairt aċt leis na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin. 20Aċt do ḃí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair ṫáinig siad go h‐Antuaiġ, do laḃair siad leis na Gréagaċaiḃ féin, ag innsint soiscéil an Tiġearna Íosa. 21Agus do ḃí láṁ an Tiġearna leo: agus do ḃí cuid ṁór díoḃ‐san do ċreid agus d’iompuiġ ċum an Tiġearna. 22Agus ṫáinig scéala ’n‐a dtaoḃ go cluasaiḃ muinntire na h‐eaglaise do ḃí i nIarúsalem: agus do ċuireadar Barnabas uaṫa ċóṁ fada le h‐Antuaiġ: 23agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna: 24óir fear maiṫ ab eaḋ é, agus do ḃí sé lán de’n Spiorad Naoṁ agus de ċreideaṁ: agus ba ṁór an méid daoine tugaḋ ċum an Tiġearna. 25Agus do ċuaiḋ Barnabas go Tarsus ar lorg Ṡaul: 26agus nuair fuair sé é, ṫug sé leis go h‐Antuaiġ é. Agus ar feaḋ bliaḋna do ġnáṫuiġeadar cóṁluadar na h‐eaglaise, agus ṫugadar teagasc do ṁórán daoine; agus ṫárla gur i nAntuaiġ tugaḋ Críostaiḋṫe ar dtús ar na deisceablaiḃ.
27Agus ins na laeṫiḃ sin ṫáinig fáiḋe ó Iarúsalem go h‐Antuaiġ. 28Agus d’éiriġ duine aca darḃ ainm Agabus, agus ṫug sé le tuigsin dóiḃ tríd an Spiorad go raiḃ gorta ṁór le teaċt ar an saoġal uile, rud ṫáinig ċum críċe i n‐aimsir Ċlaudiuis. 29Agus do ṡocruiġ na deisceabail caḃair, de réir gustail gaċ duine, do ċur ċum na mbráiṫreaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIúdaea: 30agus do‐rinneadar sin, g‐á cur ċum na seanóir tré láṁaiḃ Ḃarnabais agus Ṡaul.
Currently Selected:
Gníomhartha 11: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: