YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 98

98
Salm 98.
Cantate Domino.
1Canaigí don Tiarna amhrán úrnua: ós é a rinne na fearta,
2Rug sé an bua dó féin: lena láimh dheas agus lena ghéag naofa.
3Dʼfhógair an Tiarna a shlánú: dʼfhoilsigh sé a fhíréantacht faoi shúile na bpágánach.
4Ba chuimhin leis a thrócaire agus a fhírinne do theaghlach Iosrael: níl cúinne den domhan nach bhfuil slánú ár nDé feicthe aige.
5Taispeánaigí bhur n‑áthas don Tiarna, a thíortha uile: canaigí agus bígí áthasach agus tugaigí buíochas.
6Molaigí an Tiarna leis an gcláirseach: canaigí leis an gcláirseach salm buíochais.
7Le stoic agus le galltrompaí: taispeánaigí bhur n‑áthas roimh an Tiarna, an Rí.
8Déanadh an mhuir agus a bhfuil inti tormán: an chruinne agus a n‑áitíonn inti.
9Buaileadh na haibhneacha a mbosa, agus bíodh áthas ar na cnoic le chéile roimh an Tiarna: ó tháinig sé le breithiúnas a thabhairt ar an domhan.
10Tabharfaidh sé breith fhíréanta ar an domhan: agus breith chothrom ar na daoine.

Currently Selected:

Na Sailm 98: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy