YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 58

58
Salm 58.
Si vere utique.
1An í an fhíréantacht rún daingean bhur gcroí, a chomhthionóil: agus an ceart é an breithiúnas a thugann sibh uaibh, a lucht na céimíochta?
2Scéal cinnte, go mbíonn an t‑olc á chumadh agaibh in bhur gcroí ar an talamh: agus go n‑oibríonn bhur lá mha an urchóid.
3Bíonn lucht an oilc contrártha, ó bhroinn a máthar féin: ní luaithe a shaolaítear iad, ná téann siad ar seachrán, agus insíonn siad bréaga.
4Bíonn siad chomh marfach le nathair nimhe: mar an nathair nimhe bhodhar a dhruideann a cluasa.
5Agus a dhiúltaíonn éisteacht leis an draoi: dá ghliceas é ag cur na ngeas.
6Bris a bhfiacla, a Dhia, ina mbéal: buail buille ar chnámha géill na leon, a Thiarna.
7Go dtite siad as mar uisce a théann le fána: go mbristear a saigheada nuair a scaoileas siad iad.
8Leáidís mar leánn seilide, agus bídís mar thoircheas anapaidh mná: agus nár fheice siad an ghrian.
9Sula dtéitear bhur gcorcáin leis na sceacha: tiocfaidh fearg air, agus scuabfaidh sé as iad le hiomghaoth.
10Beidh lúcháir ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas: nífidh sé a chosa i bhfuil lucht an oilc.
11Ionas go mbeifí á rá, I bhfírinne tá luach saothair i ndán don fhíréan: tá Dia ann gan amhras a thugann breithiúnas ar an talamh.

Currently Selected:

Na Sailm 58: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy