YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 43

43
Salm 43.
Judica me, Deus.
1Tabhair saorbhreith orm, a Dhia, agus pléigh mo chúis in aghaidh na ndaoine míchráifeacha: fuascail mé ón bhfear fealltach urchóideach.
2Óir is tú Dia mo chumhachta; cad chuige ar chuir tú uait mé: cad chuige dom imeacht faoi thuirse, ó dhian smacht an namhad?
3Cuir faoi mo dhéin do sholas agus dʼfhírinne, go dtreoraí siad mé: agus go dtuga siad mé chun do naomhchnoic agus chun dʼárais;
4Agus go dté mé faoi dhéin altóra Dé, chuig Dia is cúis aoibhnis agus gairdis dom: agus altóidh mé duit é ar an gcláirseach, a Dhia, mo Dhia.
5Cad í an tuirse seo ort, a mhʼanam: agus cad chuige duit bheith chomh buartha sin i mo lár?
6Bíodh dóchas as Dia agat: óir tabharfaidh mé buíochas dó go fóill, ós é cuidiú mo ghnúise agus mo Dhia é.

Currently Selected:

Na Sailm 43: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy