Salm 76
76
Altú Buíochais as ucht Bua a Bhreith
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada cheoil. Salm Ásáf. Amhrán.
2Tá aithne ar Dhia in Iúdá;
tá a ainm in airde in Iosrael.
3I Sailéim atá a bhoth
agus i Síón a áras cónaithe.
4Is ann a bhris sé na saigheada lonracha–
an sciath is an claíomh is an trealamh troda. Selah
5 Is solasmhar maorga thú, a Thiarna;
is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].
6Tá lucht an chroí chalma arna gcreachadh,
codlaíonn siad ina dtoirchim suain;
tá lucht na lámh láidir gan taca.
7A Dhia Iacób, nuair a labhair tú go bagrach
rinneadh staic de charbaid agus dʼeachra.
8Is uafásach tú! cé a sheasfaidh i dʼéadan;
nuair a bhíonn racht róbhuile ort?
9Nuair a thug tú breithiúnas ó neamh
ghabh critheagla an talamh agus thost sé.
10Nuair a dʼéirigh Dia a thabhairt breithiúnais,
a tharrtháil daoine ísle na cruinne. Selah
11Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh;
déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit.
12Díolaigí bhur móideanna leis an Tiarna bhur nDia–
an té a bhaineann an t‑anam as taoisigh
gur uafásach le ríthe na cruinne é.
Currently Selected:
Salm 76: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: