YouVersion Logo
Search Icon

Salm 66

66
Ollmhaitheas Dé
1 Don stiúrthóir. Amhrán. Salm.
1 Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile,
2canaigí Salm le hurraim dá ainm.
Tugaigí moladh agus glóir dó;
3Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad dʼoibreacha!
Tá de mhéid do nirt, a Thiarna,
go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.
4Umhlóidh an domhan uile i dʼfhianaise
agus canfaidh siad Salm do dʼainm.” Selah
5Téanaigí agus féachaigí oibreacha Dé–
na héachtaí a rinne sé idir daoine.
6Rinne sé talamh tirim den mhuir
ionas go ndeachaigh siad de chosa tríd an abhainn;
déanaimis gairdeas ann, dá bhrí sin.
7Rialaíonn sé lena chumhacht go brách;
bíonn a shúile ag faire na náisiún
sula n‑éireodh lucht ceannairce ina éadan.
8Beannaígí dár nDia, a chiníocha,
go gcluintear a mholadh os ard,
9Óir is é a thug beatha dár n‑anam
agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.
10Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn,
mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.
11Sheol tú isteach sa líon sinn
gur leag tú tromualach anuas orainn.
12Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainn
go ndeachamar trí thine is trí uisce;
ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.
13Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom;
leat-sa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna–
14na móideanna a gheall mé ó bhéal duit
agus a chan mo theanga le linn mo bhuartha.
15Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uile-loiscthe
mar aon le deatach reithí dóite;
ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit.
16Téanaigí, a bhfuil eagla Dé oraibh,
go n‑inseoidh mé a ndearna sé do mʼanam.
17Ghlaoigh mé os ard air le mo bhéal
agus rinne mé a mholadh le mo theanga.
18Dá gcothóinn an urchóid i mo chroí
ní éistfeadh an Tiarna liom.
19Ach dʼéist mo Dhia go dearfa;
thug sé aire do ghlór mo ghuí.
20Moladh le Dia nár eitigh mé ar mʼachainí,
agus nár tharraing a bhuan-ghrá uaim.

Currently Selected:

Salm 66: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in