Salm 63
63
Cíocras an Anama chun Dé
1 Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.
2A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,
tá íota tharta ar mʼanam chugat.
Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat
amhail talamh túr tirim gan uisce.
3Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa
dʼfhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.
4De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuan-ghrá,
canfaidh mo bheola do mholadh.
5 Ar an ábhar sin beannóidh mé le mo bheo thú
agus ardóidh mé mo lámha i dʼainm-se.
6Líonfar mʼanam mar a líonfaí le fleá é,
agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.
7I mo luí dom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,
bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;
8óir ráinig tú i do chúntóir agam,
agus gairdím faoi scáth do sciathán.
9Tá mʼanam ag cloí go dlúth leat,
agus coinníonn do dheaslámh suas mé.
10An dream atá ar tí mʼanama chun a scriosta,
rachaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.
11Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad
agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.
12Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas,
agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean,
ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.
Currently Selected:
Salm 63: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: