Salm 57
57
Croí Diongbháilte
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.
2Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agat
óir is ort atá tarraingt mʼanama.
Ar scáth do sciathán atá mo thriall
nó go dtéann an anachain seo tharam.
3Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde:
ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.
4Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh;
go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta,
go gcuire Dia chugam a bhuan-ghrá agus a dhílse.
5 Tá mʼanam ina luí i measc leon
a dʼalpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos.
Is sleánna agus saigheada a bhfiacla,
is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
6Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;
bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
7Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa;
rinneadar mé a ísliú.
Thochail siad clais romham amach;
ach thit siad féin inti.
8Tá mo chroí go daingean, a Dhia;
tá mo chroí go daingean.
Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
9Múscail, a anam liom!
Músclaígí, a chláirseach is a chruit!
Músclóidh mé féin an maidneachan.
10Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna:
molfaidh mé thú i measc na náisiún.
11Óir síneann do bhuan-ghrá chun na bhflaitheas
agus do dhílse chun na spéartha.
12Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas;
bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir.
Currently Selected:
Salm 57: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.