Salm 41
41
Urnaí an Duine Bhreoite
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.
2Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir;
saorfaidh an Tiarna é in am na buartha.
3Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamh
agus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde.
4Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnis
agus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.
5 Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,
slánaigh mʼanam de bhrí gur pheacaíos ort.”
6Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:
“Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”
7Tagann siad do mʼfhéachaint le caradas bréige;
scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.
8Bíonn mʼaos fuatha ag cogarnach le chéile i mʼéadan;
bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom.
9“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile,
“an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
10Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín
agus a dʼitheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i mʼéadan!
11Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom;
déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo.
12Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom
nuair nach ndéanfaidh mʼeascairde a mbua a mhaíomh orm.
13Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán mé
agus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé.
14Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael go brách.
Moladh leis ó aois go haois. áiméan. áiméan.
Currently Selected:
Salm 41: ABN2012
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: