Filipigh 2:6-8
Filipigh 2:6-8 ABN2012
An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis a bheith ar chomhchéim le Dia, Ach lom sé é féin. Agus chuir air riocht an sclábhaí agus tháinig chun a bheith ina dhuine mar chách eile. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, dʼísligh sé é féin agus bhí umhal go bás– go bás na Croise féin.







