YouVersion Logo
Search Icon

Matha 4

4
Íosa dá Phromhadh ag Sátan
1Ansin, seoladh Íosa isteach sa bhfhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. 2Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. 3Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.” 4Dúirt sé dá fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’”
5Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é 6agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa:
‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh
agus iompróidh siad thú lena lámha,
sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’”
7Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”
8Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis: 9“Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n-umhlóidh tú síos do mʼadhradh.” 10Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain, óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’” 11Ansin dʼfhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Íosa i gCafarnáúm Na Chéad Deisceabail
12Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. 13Dʼfhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáúm cois na farraige, i gcríocha Zeabalan agus Naftáilí 14chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
15“Talamh Zeabalan, talamh Naftáilí,
bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,
Gailíl na gciníocha,
16an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,
chonaic siad solas mór,
an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,
dʼéirigh solas chucu.”
17Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.”
18Ag siúl dó cois fharraige na Gailíle, chonaic sé beirt deartháireacha, Síomón ar a dtugtar “Peadar” agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha sa bhfarraige, mar iascairí a bhí iontu. 19Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” 20Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. 21Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt deartháireacha eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. 22Dʼfhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.
23Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, agus ag leigheas gach galair agus gach éagruais i measc an phobail. 24Chuaigh a chlú ar fud na Siria go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sórt galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
25Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus thar an Iordáin.

Currently Selected:

Matha 4: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in