Matha 28:5-6
Matha 28:5-6 ABN2012
Labhair an t-aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh. Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith agus breathnaígí an áit a raibh sé ina luí.