YouVersion Logo
Search Icon

Matha 28:12-15

Matha 28:12-15 ABN2012

Chruinnigh siad-san agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus dʼfhuadaigh siad é.’ Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibh-se ó imní.” Ghlac siad an t-airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal dá reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.