YouVersion Logo
Search Icon

Séamas 2

2
Na Boicht
1Seachain an fabhar sibh-se, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh. 2Mar má thagann fear faoi fháinní óir agus é dea-ghléasta isteach in bhur dtionól, agus má thagann fear eile isteach agus é bocht agus gan ach drochéadach air, 3agus má thugann sibh-se ómós don té a bhfuil an t-éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,” 4nach bhfuil sibh ag déanamh leathchuma, agus nach bhfuil breithiúna déanta díbh, breithiúna na mbreitheanna éagóra? 5Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n-oidhrí ar an Ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó? 6Sibh-se ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iad-san a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh? 7Nach iad-san a dhiamhaslaíonn an t-ainm uasal dár tíolacadh sibh? 8Má chomh-líonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith. 9Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca dá dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choirigh ag an dlí. 10Óir cibé duine a choimeádann an dlí go léir ach a thuislíonn san aon phonc amháin, ciontaítear é san iomlán. 11Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coir in aghaidh an dlí déanta díot. 12Labhraígí agus déanaigí beart dála daoine atá le dul faoi bhreith dhlí na saoirse. 13Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.
Creideamh agus Dea-Oibreacha
14Cén tairbhe é, a bhráithre liom, má deir duine go bhfuil creideamh aige, ach é gan dea-oibreacha? An féidir don chreideamh é a shábháil? 15Má tá deartháir nó deirfiúr gan éadach agus gan cuid an lae de bhia acu, 16agus go ndeir duine agaibh-se leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é? 17Is é a fhearacht sin ag an gcreideamh é. Tá sé marbh leis féin gan dea-oibreacha. 18Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agat-sa agus tá dea-oibreacha agam-sa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit-se trí mo dhea-oibreacha. 19Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith. 20An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha? 21Nár fíréanaíodh Abrahám ár n-athair trína dhea-oibreacha nuair a dʼofráil sé a mhac Íosác ar an altóir? 22Feiceann tú go raibh an creideamh i gcomhar lena dhea-oibreacha agus gur cuireadh críoch ar an gcreideamh trína dhea-oibreacha. 23Agus comh-líonadh an scrioptúr a deir: “Chreid Abrahám i nDia, agus áiríodh é sin ina leith mar fhíréantacht” agus tugadh ‘cara Dé’ air. 24Is léir daoibh gur le dea-oibreacha a fhíréanaítear duine agus nach le creideamh amháin. 25Ba é an dála céanna é ag Rácháb meirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh? 26Tá an corp marbh gan an t-anam agus ar an gcuma chéanna tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.

Currently Selected:

Séamas 2: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in