2 Corantaigh 13
13
Foláirimh Dheireanacha
1Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí dʼfhinnéithe.” 2Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís– 3ós rud é go bhfuil cruthúnas uaibh gurb é Críost atá ag labhairt ionamsa. Níl aon laige ann siúd ina chuid plé libh-se ach é go cumasach in bhur measc. 4Is fíor gur céasadh ar an gcros é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
5Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh–rud atá mura bhfuil cliste oraibh? 6Tá súil agam, áfach, go dtuigfidh sibh nach bhfuil cliste orainne. 7Táimid ag guí Dé nach ndéanfaidh sibh aon olc–ach ní dʼfhonn a thaispeáint go bhfuil éirithe linn sa triail é, ach dʼfhonn is go ndéanfadh sibh-se an mhaith fiú amháin dá ndealródh sé go raibh teipthe orainn. 8Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin. 9Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibh-se go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibh-se ar lán bhur leasa.
10Is é fáth a bhfuilim dá scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.
Slán
11Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh. 12Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa. Cuireann na naoimh go léir a mbeannacht chugaibh. 13Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
Currently Selected:
2 Corantaigh 13: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: