2 Corantaigh 11
11
Pól agus na hAspail Bhréige
1Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaim-se. Déanaigí sin, más ea. 2Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí dá tabhairt dá haon fhear céile. 3Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost. 4Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomar-na, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis. 5Ní dóigh liom go bhfuilim-se pioc chun deiridh ar na sáraspail sin. 6Más tuata féin ar urlabhra mé, ní haon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall.
7Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú dʼfhonn sibh-se a ardú? 8Lom mé eaglaisí eile agus ghlac mé pá uathu chun freastal oraibhse; 9agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngann-chuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin a bheith i mʼualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo. 10Dar fírinne Chríost ionam, ní mhúchfar an maíomh seo ionam laistigh de chríocha na hAcháia. 11Agus cén fáth? Toisc nach bhfuil cion agam oraibhse, an ea? Tá a fhios ag Dia go bhfuil.
12An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé dá dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun a bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne. 13Níl iontu siúd ach aspail bhréige, oibreoirí mímhacánta faoi riocht aspail Chríost. 14Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin? 15Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha.
Piolóidí an Aspail
16Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin orm-sa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách. 17Níl an méid a deirim dá rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann. 18Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo, 19mar tá sibh-se chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin: 20cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.
21Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as–caint bhuile í seo–tá an maíomh céanna le déanamh agam-sa. 22An Eabhraigh iad? Is ea mise freisin. An Iosraelaigh iad? Is ea mise chomh maith. An sliocht Abrahám iad? Is ea mise chomh maith céanna. 23An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir–ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis. 24Cúig huaire a fuair mé na naoi mbuille is tríocha ó na Giúdaigh. 25Gabhadh de shlata orm faoi thrí agus gábhadh de chlocha orm aon uair amháin; longbhriseadh mé faoi thrí agus thug mé lá agus oíche san uisce. 26Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige. 27Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach. 28Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n-eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm. 29Cé a bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air? 30Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé. 31Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim dá rá: 32i nDamaisc dom bhí ceann-phort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil; 33ach scaoileadh anuas i gciseán mé trí fhuinneog san fhalla agus mʼéalaigh mé uaidh.
Currently Selected:
2 Corantaigh 11: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: