YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 9

9
Tréigeann Pól a Chearta Aspail
1Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibh-se mo shaothar sa Tiarna? 2Fiú mura bhfuil meas aspail ag daoine eile orm, is dearbh gur aspal daoibhse mé mar gur sibh-se an séala ar mo mhisean sa Tiarna. 3Seo é mo fhreagra orthu siúd a bhíonn ag beachtaíocht orm: 4Nach bhfuil ceart ite agus óil againn? 5Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n-aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafas? 6An orm-sa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas? 7Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíon-ghort ach nach n-itheann cuid dá thoradh? Nó cén t-aoire a dhéanann aoireacht ach nach n-ólann bainne a thréada féin?
8Agus an i dtaobh le hargóintí ón ngnáthshaol atáim, nó nach bhfuil an rud céanna le rá ag an dlí? 9Is ea, tá scríofa i ndlí Mhaois: “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.” 10An iad na daimh is cás le Dia? Nó nach chugainne a bhí sé dáiríre? Is chugainn a scríobhadh é gan dabht, dá thabhairt le fios nach miste don treabhadóir agus don bhuailteoir a bheith ag súil lena gcion den toradh a fháil. 11Má chuireamarna síol spioradálta daoibhse, an mór an ní é má bhainimid toradh saolta uaibh? 12Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sórt ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.
13Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun shearmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra? 14Ar an gcuma chéanna dʼachtaigh an Tiarna do lucht fógartha an dea-scéil a mbeatha a bhaint as an dea-scéal.
15Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní dá n-éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. Bʼfhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan mʼábhar maíte. 16Ní haon chúis mhaíte dom a bheith ag fógairt an dea-scéil, mar is é mo dhualgas é, agus is dom-sa is mairg mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt. 17Dá mba de mo dheoin féin a bheinn dá dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de mʼainneoin é, is dualgas é atá curtha orm. 18Cén tuarastal atá ag dul dom mar sin? Tá, go ndéanaim an dea-scéal a fhógairt saor in aisce gan feidhm ar bith a bhaint as an gceart is liom ón dea-scéal.
19Bíodh nach bhfuil buannacht ag duine ar bith orm, rinne mé sclábhaí díom féin don uile dhuine dʼfhonn breis a thabhairt liom. 20Leis na Giúdaigh bhí mé mar a bheadh Giúdach dʼfhonn na Giúdaigh a thabhairt liom. Leo sin atá faoi réir an dlí bhí mé mar dhuine a bheadh faoi réir an dlí–cé nach bhfuilim faoina réir dáiríre–dʼfhonn an mhuintir atá faoi réir an dlí a thabhairt liom. 21Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí dʼfhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom–cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost. 22Bhí mé lag leis na laga dʼfhonn na laga a thabhairt liom. Bhí mé ag iarraidh gach duine a shásamh dʼfhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin. 23Is ar mhaithe leis an dea-scéal a dhéanaim gach ní ionas go mbeinn i bpáirt ann.
24Iad siúd a bhíonn ag rás i gcomórtas nach bhfuil a fhios agaibh go ritheann siad go léir, ach nach mbeireann ach an t-aon duine amháin acu an chraobh leis. Rithigíse ar shlí go mbainfidh sibh an chraobh thar barr amach. 25Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche. 26I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é. 27Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé féin tar éis dom a bheith ag fógairt ar dhaoine eile.

Currently Selected:

1 Corantaigh 9: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in