1
Rómhánaigh 14:17-18
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Ní gnóthaí bia agus dí í ríocht Dé ach an fhiréan-tacht agus an tsíocháin agus ansó sa Naomh-Spiorad; an té a dhéanas seirbhís do Dhia ar an modh sin bíonn aoibh ar Dhia leis agus bíonn na daoine á mholadh.
Compare
Explore Rómhánaigh 14:17-18
2
Rómhánaigh 14:8
Más beo dúinn, mairimid don Tiarna, agus más é an bás atá i ndán dúinn, faighimid bás don Tiarna; dá bhrí sin is cuma cé acu beo nó marbh, is leis an Tiarna sinn.
Explore Rómhánaigh 14:8
3
Rómhánaigh 14:19
Leanaimis mar sin don uile ní a chuireas le síocháin agus le leas na gcomharsana.
Explore Rómhánaigh 14:19
4
Rómhánaigh 14:13
Mar sin de ná tugaimis daorbhreith ar a chéile a thuilleadh, ach ina ionad sin go mba é rún ár n-intinne gan aon toirmeasc ná ceap tuisle a fhágáil sa chosán roimh ár mbráthair.
Explore Rómhánaigh 14:13
5
Rómhánaigh 14:11-12
Mar tá sé scríofa, “Mar a mhairim, deir an Tiarna, níl glúin nach bhfeac-faidh romham, ná teanga nach dtabharfaidh a dhíol molta do Dhia.” Mar sin caithfidh an uile dhuine againn bheith ag freagairt ar a shon féin do Dhia.
Explore Rómhánaigh 14:11-12
6
Rómhánaigh 14:1
Maidir le fear an chreidimh laig, bíodh fáilte agaibh roimhe, ach ní chun díospóireachtaí faoi thuairimí.
Explore Rómhánaigh 14:1
7
Rómhánaigh 14:4
Cé tú féin le breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Is os comhair a mháistir féin a sheasas sé nó a thiteas sé. Agus tógfar ar a bhoinn é, mar is féidir leis an Máistir cos a chur faoi.
Explore Rómhánaigh 14:4