Nuair nach raibh ní ba mhó ná a hocht nó a deich de laethanta caite aige ina measc, chuaigh sé síos go Caesaríá; agus lá arna mhárach shuigh sé ar bhinse an bhreithiúnais agus dʼordaigh Pól a thabhairt i láthair. Agus nuair a tháinig sé, sheas na Giúdaigh a tháinig anuas as Iarúsailéim thart timpeall air, agus luaigh siad mórán coireanna troma nár fhéad siad a gcruthú ina aghaidh.