1
2 Coraintigh 1:3-4
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Buíochas do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost, buíochas dʼAthair na dtrócairí agus do Dhia an tsóláis, a thugas sólás dúinn inár n-angar uile, ionas go dtugaimid sólás uainn dá mbíonn faoi angar, leis an sólás sin a fhaighimid féin ó Dhia.
Compare
Explore 2 Coraintigh 1:3-4
2
2 Coraintigh 1:5
Mar dá fhairsinge ár gcuid de phianta Chríost, is fairsing ár gcuid den sólás trí Chríost.
Explore 2 Coraintigh 1:5
3
2 Coraintigh 1:9
Ar ndóigh, bhíomar mar dhaoine a bheadh teilgthe chun báis; ach gur tharla sin ionas nach mbeadh ár muinín asainn féin, ach as Dia a bheos na mairbh
Explore 2 Coraintigh 1:9
4
2 Coraintigh 1:21-22
Ach is é Dia a bhíos ár ndaingniú libh i gCríost, agus a rinne sinn a cheapadh; agus chuir sé a shéala orainn agus dhoirt sé a Spiorad inár gcroíthe mar urra air.
Explore 2 Coraintigh 1:21-22
5
2 Coraintigh 1:6
Ní bhíonn angar orainne nach mbíonn sólás agus slánú oraibh dá bharr; agus ní bhíonn sólás againne nach mbíonn ina shólás agaibhse, ach glacadh go foighneach le bhur gcuid de na pianta a bhíos orainne.
Explore 2 Coraintigh 1:6