Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,
agus is gráin lena chroí seacht gcinn:
Súil an uabhair, teanga an éithigh,
lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,
Croí a bheartaíonn cealga,
cosa a bhrostaíonn chun an oilc,
Finné bréige ag spalpadh éithigh,
agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.