1
Seanfhocal 22:6
An Bíobla Naofa 1981
Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó; agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.
Compare
Explore Seanfhocal 22:6
2
Seanfhocal 22:4
Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil.
Explore Seanfhocal 22:4
3
Seanfhocal 22:1
Tá dea-cháil le roghnú thar bhreis maoine, agus is fearr dea-mheas ort ná airgead nó ór.
Explore Seanfhocal 22:1
4
Seanfhocal 22:24
Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg, agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh
Explore Seanfhocal 22:24
5
Seanfhocal 22:9
Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.
Explore Seanfhocal 22:9
6
Seanfhocal 22:3
Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
Explore Seanfhocal 22:3
7
Seanfhocal 22:7
Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán, agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.
Explore Seanfhocal 22:7
8
Seanfhocal 22:2
Casann an saibhir ar an daibhir; sé an Tiarna a rinne iad go léir.
Explore Seanfhocal 22:2
9
Seanfhocal 22:22-23
Ná creach an bochtán mar gur bochtán é, agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach; Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt, agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.
Explore Seanfhocal 22:22-23
YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy
Home
Bible
Plans
Videos