1
Filipigh 2:3-4
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith.
Compare
Explore Filipigh 2:3-4
2
Filipigh 2:5
Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost
Explore Filipigh 2:5
3
Filipigh 2:6-8
An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia, Ach lom sé é féin. Agus chuir áir riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, dʼísligh sé é féin agus bhí umhal go bás– go bás na croise féin.
Explore Filipigh 2:6-8
4
Filipigh 2:13
mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.
Explore Filipigh 2:13
5
Filipigh 2:9-11
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t‑ainm úd atá os cionn gach ainm, i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in ifreann agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna.
Explore Filipigh 2:9-11
6
Filipigh 2:14-15
Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne
Explore Filipigh 2:14-15
7
Filipigh 2:12
Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla
Explore Filipigh 2:12