Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.”
Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu, dʼoscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile.