1
Uimhreacha 14:9
An Bíobla Naofa 1981
Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
Compare
Explore Uimhreacha 14:9
2
Uimhreacha 14:18
‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’
Explore Uimhreacha 14:18
3
Uimhreacha 14:8
Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
Explore Uimhreacha 14:8
4
Uimhreacha 14:24
Ach tá malairt spioraid i mo shearbhónta Cálaeb. De bhrí go ndearna sé rud orm go beacht, tabharfaidh mé isteach é sa tír ina ndeachaigh sé agus beidh seilbh ag a shliocht air.
Explore Uimhreacha 14:24
5
Uimhreacha 14:28
Abair leo: ‘Dar mo bheo - sé an Tiarna atá ag caint - tabharfaidh mé íde oraibh díreach de réir na bhfocal a dúirt sibh i mo láthair.
Explore Uimhreacha 14:28
6
Uimhreacha 14:11
Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?
Explore Uimhreacha 14:11
7
Uimhreacha 14:2
Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: “Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo!
Explore Uimhreacha 14:2
8
Uimhreacha 14:6-7
Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n‑éadaí, agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: “An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta.
Explore Uimhreacha 14:6-7
9
Uimhreacha 14:21-23
Ach, dar mo bheo agus dar glóir an Tiarna a líonann an domhan uile, an mhuintir seo go léir a chonaic mo ghlóir agus na hiontais a rinne mé san Éigipt agus san fhásach, agus a rinne mé a phromhadh faoi dheich cheana féin gan géilleadh do mo ghlór ní fheicfidh duine díobh an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha; ní fheicfidh duine den dream a chaith drochmheas liom é.
Explore Uimhreacha 14:21-23
YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy
Home
Bible
Plans
Videos