1
Iósua 1:9
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”
Compare
Explore Iósua 1:9
2
Iósua 1:8
Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus dʼoíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.
Explore Iósua 1:8
3
Iósua 1:7
Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a dʼordaigh Maois mʼóglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.
Explore Iósua 1:7
4
Iósua 1:5
Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i dʼaghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.
Explore Iósua 1:5
5
Iósua 1:6
Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.
Explore Iósua 1:6
6
Iósua 1:3
Gach fód ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, tabharfaidh mé daoibh é, mar a gheall mé do Mhaois.
Explore Iósua 1:3
7
Iósua 1:2
“Tá Maois mʼóglach tar éis bháis. Éirigh dá bhrí sin agus thar an Iordáin seo anonn leat, thú féin agus an pobal seo go léir, agus isteach leat sa tír atá á thabhairt agam dóibhsean, do chlann Iosrael.
Explore Iósua 1:2
8
Iósua 1:1
Tar éis bháis do Mhaois óglach an Tiarna, dúirt an Tiarna le Iósua mac Nún, feidhmeannach Mhaois
Explore Iósua 1:1
9
Iósua 1:4
Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.
Explore Iósua 1:4
10
Iósua 1:18
Aon duine a dhéanfaidh ceannairc in aghaidh ordú uait, agus nach ngéillfidh do do bhriathra, cibé rud a ordaíonn tú, cuirfear chun báis é. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach agat.”
Explore Iósua 1:18
11
Iósua 1:11
‘Ullmhaígí lón daoibh féin. Faoi cheann trí lá rachaidh sibh thar Iordáin anseo ar an tslí isteach chun seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt daoibh in bhur seilbh.’ ”
Explore Iósua 1:11
Home
Bible
Plans
Videos