“A thiarna, a rí,” ar sé, “rinne na fir seo olc agus a leithéid de bhail a chur ar an bhfáidh Irimia; theilg siad sa tobar é, áit a bhfaighidh sé bás (den ghorta mar nach bhfuil aon arán fágtha sa chathair).” Ansin dʼordaigh an rí do Eibid Meilic an tAetóipeach: “Beir leat as seo triúr fear agus tarraing aníos Irimia fáidh as an tobar sula bhfaighe sé bás.”