Abair leo: Is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael: Gura mallaithe an té nach n‑éisteann briathra an chonartha seo a dʼordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh