1
Breithiúna 16:20
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.
Compare
Explore Breithiúna 16:20
2
Breithiúna 16:28
Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, dʼfhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.”
Explore Breithiúna 16:28
3
Breithiúna 16:17
Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, dʼéireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”
Explore Breithiúna 16:17
4
Breithiúna 16:16
Lean sí uirthi go dian lá i ndiaidh an lae lena ceisteanna chuige, gan aon sos a thabhairt dó, go dtí go raibh sé bréan go bás den scéal.
Explore Breithiúna 16:16
5
Breithiúna 16:30
Scread sé: “Bíodh an bás agam in éineacht leis na Filistínigh.” Sháigh sé ansin lena neart go léir agus thit an teach ar na taoisigh agus ar an muintir go léir a bhí ann. Ba mhó a mharaigh sé dá réir sin ina bhás, ná a mharaigh sé ina bheatha.
Explore Breithiúna 16:30