1
Íseáia 60:1
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Éirigh, go lonrach, mar seo é do sholas ort, agus tá glóir an Tiarna tar éis éirí os do chionn
Compare
Explore Íseáia 60:1
2
Íseáia 60:3
Tá na náisiúin ag triall ar do sholas agus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.
Explore Íseáia 60:3
3
Íseáia 60:2
ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamh agus dúchan na hoíche ar na ciníocha. Os do chionnsa tá an Tiarna ag éirí agus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort.
Explore Íseáia 60:2
4
Íseáia 60:22
An té is lú díobh déanfar míle de, agus cine láidir as an mbaicle bheag. Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt; in am trátha cuirfidh mé i gcrích é.
Explore Íseáia 60:22
5
Íseáia 60:19
Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort.
Explore Íseáia 60:19
6
Íseáia 60:20
Ní rachaidh do ghrian faoi go deo arís ná urú ní thiocfaidh ar do ghealach, óir beidh an Tiarna agat mar sholas síoraí agus cuirfear críoch le laethanta do bhróin.
Explore Íseáia 60:20
7
Íseáia 60:5
Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.
Explore Íseáia 60:5
8
Íseáia 60:4
Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall: táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort. Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin, dʼiníonacha fós agus iad á n‑iompar ar an leis.
Explore Íseáia 60:4
9
Íseáia 60:21
Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.
Explore Íseáia 60:21
10
Íseáia 60:18
Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó, ar scrios ná ar shlad i do chríocha. Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.
Explore Íseáia 60:18
11
Íseáia 60:11
Beidh do gheataí ar leathadh de shíor, de lá ná dʼoíche ní bheidh siad dúnta, chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníocha agus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.
Explore Íseáia 60:11
12
Íseáia 60:6
Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite, scoth chamaill Mhidián agus Éafá, iad siúd go léir ag triall as Seabá, ór agus túis ar iompar acu, agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.
Explore Íseáia 60:6
13
Íseáia 60:10
Beidh clann na gcoimhthíoch ag tógáil do mhúrtha as an nua, agus a ríthe ag déanamh freastail ort. Óir cé gur bhasc mé thú nuair a bhí an taom feirge orm, is tú mo pháirt anois agus ghlac mé trua duit.
Explore Íseáia 60:10
14
Íseáia 60:15
In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.
Explore Íseáia 60:15
15
Íseáia 60:16
Diúlfaidh tú bainne na gciníocha, diúlfaidh tú saibhreas na ríthe. Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit, gurb é Neach Tréan Iacóib dʼfhuascailteoir.
Explore Íseáia 60:16
Home
Bible
Plans
Videos