1
Íseáia 12:2
An Bíobla Naofa 1981
ABN
An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”
Compare
Explore Íseáia 12:2
2
Íseáia 12:3
Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireach as toibreacha an tslánaithe.
Explore Íseáia 12:3
3
Íseáia 12:5
Canaigí don Tiarna, óir tá iontais déanta aige; ní mór iad a fhoilsiú ar fud an domhain iomláin.
Explore Íseáia 12:5
4
Íseáia 12:4
Déarfaidh sibh an lá sin: “Tugaigí buíochas don Tiarna, glaoigí air ina ainm! Fógraígí a éachtaí don phobal, meabhraígí gurb oirirc dá ainm.
Explore Íseáia 12:4
5
Íseáia 12:1
Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá dʼfhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.
Explore Íseáia 12:1
6
Íseáia 12:6
Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”
Explore Íseáia 12:6