Ansin chuir sé a bheannacht ar Iósaef á rá:
“Dia ar shiúil mʼaithreacha Abrahám agus Íosác ina radharc,
Dia a bhí mar aoire agam ar feadh mo shaoil go léir go dtí seo,
An t‑aingeal a dʼfhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo!
Go maire mo ainmse iontu, agus ainm mʼaithreacha Abrahám agus Íosác.
Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”