1
Galataigh 3:13
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ach dʼfhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”
Compare
Explore Galataigh 3:13
2
Galataigh 3:28
Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.
Explore Galataigh 3:28
3
Galataigh 3:29
Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n‑oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.
Explore Galataigh 3:29
4
Galataigh 3:14
Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.
Explore Galataigh 3:14
5
Galataigh 3:11
Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar “is le creideamh a mhairfidh an fíréan”.
Explore Galataigh 3:11