1
Eaxodus 2:24-25
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Dʼéist Dia lena gcnead agus chuimhnigh Dia ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób. Dʼfhéach Dia ar chlann Iosrael agus ba eol dó [a gcruachás].
Compare
Explore Eaxodus 2:24-25
2
Eaxodus 2:23
Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
Explore Eaxodus 2:23
3
Eaxodus 2:10
Agus dʼfhás an leanbh agus thug sí chun iníon Fhorainn é, agus bhí sé amhail mac aici, agus thug sí Maois air, “mar,” ar sí, “gur tharraing mé as an uisce é.”
Explore Eaxodus 2:10
4
Eaxodus 2:9
Agus dúirt iníon Fhorainn léi: “Beir leat an leanbh seo, agus oil dom é, agus ní fhágfaidh mé gan do thuarastal thú.” Thóg an bhean an leanbh agus dʼoil.
Explore Eaxodus 2:9
5
Eaxodus 2:5
Agus tháinig iníon Fhorainn anuas chun í féin a fholcadh san abhainn agus bhí a hionailtí ag spaisteoireacht ar bhruach na habhann. Chonaic sí an cléibhín i measc na n‑eileastram agus chuir sí a hionailt ag triall air.
Explore Eaxodus 2:5
6
Eaxodus 2:11-12
Nuair a bhí Maois ina fhear chuaigh sé ar thuairisc a mhuintire lá agus chonaic sé cad é cruatan a bhí á fhulaingt acu; agus chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir. Dʼfhéach sé anseo agus ansiúd agus nuair nach bhfaca sé aon duine, mharaigh sé an tÉigipteach agus chuir a chorp i bhfolach sa ghaineamh.
Explore Eaxodus 2:11-12