1
Eifisigh 6:12
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.
Compare
Explore Eifisigh 6:12
2
Eifisigh 6:18
Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
Explore Eifisigh 6:18
3
Eifisigh 6:11
Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail.
Explore Eifisigh 6:11
4
Eifisigh 6:13
Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.
Explore Eifisigh 6:13
5
Eifisigh 6:16-17
Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh. Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad.
Explore Eifisigh 6:16-17
6
Eifisigh 6:14-15
Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n‑ucht agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.
Explore Eifisigh 6:14-15
7
Eifisigh 6:10
Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.
Explore Eifisigh 6:10
8
Eifisigh 6:2-3
“Tabhair do dʼathair agus do do mháthair onóir”; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi: “ionas go mbeadh an rath ort agus go mbeadh saol fada ar talamh agat.”
Explore Eifisigh 6:2-3
9
Eifisigh 6:1
A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é.
Explore Eifisigh 6:1