“Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna,
“nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí,
agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir;
silfidh na sléibhte fíon milis
a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.
Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair;
tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu;
cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon;
saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.