1
2 Tiomóid 4:7
An Bíobla Naofa 1981
Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.
Compare
Explore 2 Tiomóid 4:7
2
2 Tiomóid 4:2
an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.
Explore 2 Tiomóid 4:2
3
2 Tiomóid 4:3-4
Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil; tabharfaidh siad an chluas bhodhar don fhírinne agus casfaidh siad ar na finscéalta.
Explore 2 Tiomóid 4:3-4
4
2 Tiomóid 4:5
Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.
Explore 2 Tiomóid 4:5
5
2 Tiomóid 4:8
Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.
Explore 2 Tiomóid 4:8
YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy
Home
Bible
Plans
Videos