1
2 Peadar 2:9
An Bíobla Naofa 1981
ABN
tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe
Compare
Explore 2 Peadar 2:9
2
2 Peadar 2:21-22
Óir bʼfhearr dóibhsean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh. Tharla dóibh mar a deir an seanfhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach.
Explore 2 Peadar 2:21-22
3
2 Peadar 2:19
Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoráin iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daorán é.
Explore 2 Peadar 2:19
4
2 Peadar 2:20
Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n‑aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.
Explore 2 Peadar 2:20
5
2 Peadar 2:1
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.
Explore 2 Peadar 2:1