1
2 Ríthe 6:17
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ansin rinne Eilíseá urnaí: “A Thiarna,” ar sé, “oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.” Dʼoscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá.
Compare
Explore 2 Ríthe 6:17
2
2 Ríthe 6:16
Dʼfhreagair sé: “Ná bíodh eagla ort! Óir is mó atá linne ná mar atá leosan.”
Explore 2 Ríthe 6:16
3
2 Ríthe 6:15
Lá arna mhárach rinne giolla Dé mochóirí agus amach leis. Bʼshiúd díorma saighdiúirí le capaill agus carbaid timpeall na cathrach. “Mo léan, a mháistir, cad tá le déanamh againn?” arsa a shearbhónta.
Explore 2 Ríthe 6:15
4
2 Ríthe 6:18
Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a dʼimpigh Eilíseá.
Explore 2 Ríthe 6:18
5
2 Ríthe 6:6
“Cár thit sé?” dʼfhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t‑iarrann ar snámh.
Explore 2 Ríthe 6:6
6
2 Ríthe 6:5
ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. “Mo léan, a mháistir,” ar sé, “agus ba ar iasacht leis a bhí sé!”
Explore 2 Ríthe 6:5
7
2 Ríthe 6:7
“Tóg amach é,” ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é.
Explore 2 Ríthe 6:7